ag fuadach an scéil ar a mhuin
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Ag insint an scéil ar a shlí féin.
Samplaí corpais
Na buachaillí óga i dtigh tabhairne eile – 'ghá "leigheas" féin. An bhean agus na cailíní sa bhaile 'ghá "leigheas" féin, agus ag trácht ar hataí agus ar ribíní! Deirim leat, a Dhonchadh, gur b'iad na mná is bun le mórán de'n ólachán. Donchadh: Fan go fóil, a Thaidhg a bhráthair, agus éist liom beagáinín. Ná fuadaigh an sgéal ar do mhuin leat ar fad.
Ólachán. Tadhg: An lá déanach a bhíomar ag cainnt anso, a Dhonchadh, dubhraís go rabhas-sa ag fuadach an sgéil ar mo mhuin liom i dtaobh an ólacháin agus i dtaobh na mban, nuair a dubhart gur b'iad na mná is mó atá cionntach anois leis an olc san.
Cuir "an tsrathar ar an gcapall gcóir," a Thaidhg! Tadhg: Má bhíos-sa ag fuadach an sgéil ar mo mhuin liom an lá déanach, a Dhonchadh, tá an donas ar fad d'fhuadach agat-sa dhá dhéanamh indiu air. Ach, "beidh lá eile ag an bPaorach."
Míniú breise
- Ag innsint an sgéil ar do shlí féin. Telling the story from your own viewpoint.
- Ar mhuin chapaill ag scaipeadh an sceil ó bhéal go béal, ag déanamh do scéal féin de. A chasadh féin ar an scéal.
- Ag baint brí as atá mí-cheart. Aibhéil? Sórt goid is ea fuadach nach ea? Ag baint úsáide as focail dá mba leis féin iad.
- Ag dul thar fóir leis an argóint a chasadh chun do leasa féin.