cogadh dearg
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Troid fhíochmhar.
Samplaí corpais
Má thugan Brian aon chluas do chómhairle na n-uasal san aireófar láithreach é ar fuaid na h-Éirean go léir. Glacfaid cáirde Mh'lsheachlainn arm. Glacfaid cáirde Bhriain arm. Beidh se 'n-a chogadh dhearg againn.
D'á fheabhas aireachas a dhéanfad uirthi, tiocfaidh duine éigin dom' lom deirig aimhdheóna, agus suidhfidh sé inti, agus béidh an dúthaigh 'na chogadh dhearg am' thímpal! Mairbheóchar ar lic mo thínteáin féin mé gan truagh gan taise!
Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne acu, agus bhí gach aon deabhramh gur gearr go mbeadh an sgéal 'n-a chogadh dhearg arís acu.
Úsáid
Is féidir comhpháirt amháin (cogadh) den nath seo a idirmhalartú le roinnt ainmfhocal eile: díoltas, náire, teaspach.
Crostagairtí
Samplaí breise
Tá sé 'na chogadh dhearg. It has come to red war.
Beidh sé ina chogadh dearg eatarthu, there will be out and out war between them.
Regular set-to, cogadh dearg.