Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
ionadh a chroí
Semi-idiom
Headwords: croí, ionadh
Description:
An-iontas ar dhuine.
Corpus examples
Bhí iongna a chroidhe ar an Rómhánach nuair a chonaic sé an seasamh a dhein na sagairt sin, gach sagart acu ag déanamh na h-ídhbirte go breágh réidh stuama go dtí gur thuit sé le buille ' chlaidheamh ó láimh Rómhánaigh nú ó láimh Iúdaígh de'n aicme eile.
Source
Sgéalaidheacht na Macabéach I, II
Page
69
Nuair a tháinig Atenóbius go dtí Ierúsalem leis an dteachtaireacht san do chonaic sé uaisleacht na catharach, agus an tabhairt amach ríoga a bhí ar Shímon, agus a ghradam, agus an armáil a bhí 'n-a thímpal, agus bhí iongna a chroidhe air.
Source
Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 1,3,4,5,6,7
Page
839
Bhí iongnadh a chroidhe ar Ghuaire nuair a chonnaic sé na sméara breághtha móra ciardhubha, agus an driseóg ag lúbadh go talamh fútha, bhíodar chómh trom san.
Source
Guaire I, II
Page
67
Usage
Is féidir comhpháirt amháin (ionadh) den nath seo a idirmhalartú le roinnt ainmfhocal eile: eagla, grá, neart, searc.
Extra examples
croidhe: used intensively of the emotions; tá eagla mo chroidhe orm, I am greatly afraid, tháinig ionadh mo chroidhe orm, I became greatly astonished
Source
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Headword
croidhe
gaois.ie