craiceann na caorach
Figurative idiomHeadwords
Description
Duine a ligean air gur duine cineálta é ach bíonn rún mioscaise aige.
Corpus examples
D'órduigh an Slánuightheóir dúinn iad go léir do sheachaint, gan aon teangabháil a bheith againn leó, gur machtírí craosacha iad. Go bhfeuchaid siad ana mhacánta, i gcroicean na caorach, ach go bhfuil na fiacala acu, agus mura gcoimeádaimíd uatha amach go gcuirfid siad na fiacala go daingean ionainn lá éigin.
Tá a phort san seinnte nách mór. Ní baoghal dúinn plaoisg bhearrtha Chromeil. Tá, gan amhras, raint de'n aigne sin beó fós agus croicean na caorach uirthi, agus an croicean ana thanaidhe.
An t-é go bhfuil an focal fóghanta aige os cómhair an tsaoghail, agus ansan, an gníomh fill a gan fhios do'n tsaoghal, siné an droch chrann. Siné an machtíre i gcroicean na caorach.
Usage
Comhthéacs reiligiúnda amháin aimsithe.
Additional examples
Sionnach i gcraiceann na caorach, wolf in sheep's clothing.
A wolf in sheep's clothing, an sionnach i gcraiceann na caorach.
An madra rua i gcraiceann na fóisce. Chuir sé craiceann na fóisce uime chun na caoirigh a mhealladh chuige chun iad a ithe ar a shástacht. Déanann an feallaire bithiúnaigh an rud céanna chun na daoine macánta a mhealladh agus a ithe.