rogha an dá dhíogha
Semi-idiomHeadwords
Description
An rogha is fearr de dhá dhrochrogha.
Corpus examples
Deirim-se leis, "Mise mar sin!" Téanaigh, a óga. Déanfaidh gach fear againn cion duine de dhíoghaltas ar ár namhaid. Is díg dúinn beatha agus is díg dúinn bás. Isé an bás rogha as an dá dhíg anois.
"Is rógha a' dhá dhíg é!" arsa Mac Conglinne nuair a h-innseadh an sgéal dó. "Ní'l aon daoine eile beó i n-Éirinn ach muintir Chorcaighe féin do chuimhneóch' ar a leithéidh de rogha thabhairt do dhuine.
Is cruaidh an rogha a' dhá dhíg é, a Thaidhg. Má tá sé ábalta ar í dh'fhoghluim agus ná leogan an leisge dhó é, ní foláir staigín a thabhairt air.
Usage
Cuireann 'dá' béim bhreise ar an nath.
Cross-references
Additional examples
Rogha an dá dhíogha, a choice between two evils.
2. a. The lesser of two evils, rogha an dá dhíogha.
Rogha an dá dhíogh: togha idir dhá ghabhar dall is bocht an togha é. Is olc an mhaise togha idir dhá rud suaracha.