go cnámh agus go croí
Figurative idiomHeadwords
Description
Go smior.
Corpus examples
Do ghearr an focal san, go cnámh agus go croidhe, an uile dhuine de'n Tromdháimh. Do ghearr an focal san Seanachán níba dhoimhne 'ná mar a ghearr sé aon duine eile d'á raibh ar an dTromdháimh.
Additional explanation
- Do chuir na focail san scannradh uathbhás agus eagla ar gach aoinne / These words generated awe & terror to the core in everybody who heard them.
- Ghortaigh sé go mór é, téann buille go cnámh ach téann focal go smior.
- Chuir sé isteach orthu go mór.
- Do ghortaigh sé go mór iad.
Additional examples
Cuaidh an sgéal go mór i gcnámh aige. – Go ndeaghuidh sé i n-achrann go maith ann – go ndeaghuidh sé ar a chroídhe – gur chéim chruaidh leis é.