teanga liom leo
Pure idiomHeadwords
Description
Duine fealltach; duine ag breith dá thaobh leis.
Corpus examples
"Séidean tú rud chum é théidh agus séidean tú rud chum é fhuaradh!" arsan duine fiadhain. "Imthig as so!" ar seisean. "Ní thaithnean fear liom a shéidean fuar agus teith," agus thiomáin sé uaidh amach é. An Múineadh. "Seachain teanga liom, leó."
Tá teanga fé leith aige do gach duine fé leith. Is dóich leis féin gur duine ana ghasta é. Ní fada a théidhean leis, amh, nuair a h-aithnightear go maith é. Ansan curtar an ainim úd air, "Teanga liom leó."
An chuid acu ná raibh an gustal acu chun páipéir fé leith do chur amach, níor dheineadar ach cleite cheannach agus cromadh ar sgríobh. Is ortha ba ghiorra an mhoill na páipéir do líonadh le cainnt, agus dar ndóich ní raibh sa chainnt ar fad ach teanga liom leó.
Cross-references
Additional examples
Teanga liúm leo iseadh é sin = go mbeadh sé a' bualadh liúm-sa a's leis an ndream eile - go mbeadh sé a 'breith a' dá thaoibh leis.
1. Teanga liom leat, (i) double-talk, (ii) double-dealer.
teanga liom leat, a double-dealer
Seachain teanga liom leat. Tabhair aire dhuit féin ar dhuine a mholann le gach aoinne. Má deirim-se gur dubh é, deireann seisean gurab eadh; agus má deireann duine eile gur bán é. molann sé leis.
2. Lúbaireacht, teanga liom leat.