anonn agus anall (1)
Figurative idiomHeadwords
Description
Cor, casadh a chur i scéal, in insint.
Corpus examples
Dúbhairt sé liom gur fheuch sé go cruínn chuige sin sa triail seo agus nár ghá dhom aon cheist a bheith orm mar gheall air. Gur thriail sé gach duine de'n aos óg i mbrígh na cainte agus gur chas sé an chaint anonn 's anall ortha i dtreó nár bh'fhéidir dóib gan a thaisbeáint go soiléir cé 'cu thuigeadar cad a bhí acu dh'á rádh nú nár thuigeadar.
Additional examples
Ní ró mhaith a thuigeas an sgéal mar bhí sé a' gabháil anonn a's anall air nuair a bhí sé á innsint. Ná bíodh aon anonn ná anall agat air ach abair go ndéanfair é nó ná déanfair é. = Ná bíodh aon siar ná aniar agat air.
Ná bí anonn ná anall leis an scéal, don't shilly shally over it. Ná bíodh anonn ná anall ann, let there be no two ways about it.