Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
greim an bháis
Semi-idiom
Headwords: bás, greim
Description:
Cumhacht an bháis.
Corpus examples
Machtnuighmís anso ar conus mar a rug ár Slánuightheóir buadh ar an mbás nuair aiséirigh sé lena chómachtaibh féin as an uaigh agus greim an bháis briste aige, greim nár briseadh riamh go dtí san, agus nárbh fhéidir a bhriseadh ach le cómhachtaibh Dé.
Source
Mo Shlíghe Chun Dé
Page
110
Ach fuair sé an duadh céadna do fuair Elias. Ba léir nách le cómhacht a thoile féinig a dhein aoinne de'n bheirt buachtaint ar an mbás, greim an bháis do bhogadh. Do chonaic na deisgiobuil, agus chonaic na daoine go léir a bhí sa tsochraid, gur bhuaidh Críost Mac Dé ar an mbás le neart a thoile féinig.
Source
Críost Mac Dé (Cuid II)
Page
216
Tá sé chómh fíor anois agus a bhí sé an lá san gur dhein ár Slánuightheóir an mhírbhuilt sin, gur bhog sé greim an bháis de'n fhear óg san, gur thug sé an fear óg san thar n-ais ó'n mbás agus gur thug sé d'á mháthair é.
Source
Seanmóin agus Trí Fichid II
Page
159
Extra examples
3. (c) (Of sharp pain) Tháinig greim an bháis air, he felt the pangs of death.
Source
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Headword
greim
gaois.ie