ceann faoi (ar)
Figurative idiomHeadwords
Description
Ísle brí, díomá ar dhuine.
Corpus examples
Bhíodh ceist agus náire agus ceann fé air nuair chíodh sé an chuid eile agus na sguaba breághtha troma ag tuitim agus ag luasgadh laistiar díobh, agus a dheire féin gan tuínte air, an fear bocht!
Chuadar isteach. Do rugadh i láthair an ríogh iad. Bhí uabhar agus bochtaineacht agus ceann fé ar Sheanachán mar gheall ar an saghas reacaire a bhí aige, ach b' éigean dó a chuid cancair do bhrúth chuige. Bhí aon adhbhar sóláis amháin aige.
Deirim-se ná fuil cailín óg ná bhuachaill óg i n-Éirinn indiu gan uabhar agus bochtainacht agus ceann fé ortha toisg gan an líntighe i n-ar tógadh iad do bheith níos galánta.
Additional examples
Móráil, exaltation of mind. The opposite is ceann fé. Tá ceann fé air, he is crestfallen.
Bhí ceann faoi air i dtaobh a raibh déanta as a' slighe aice = Bhí náire air ní fhéacfadh sé cruinn díreach san aghaidh ort ach a cheann cromtha aige.
1. (a) Tá ceann faoi, ceann síos, air, he is downcast, ashamed.
ceann faoi, hanging head, dejection, shamefacedness; tá ceann faoi orm, I am in great dejection, agus a ceann fúithe, she in dejected mood
Bhí ceann fé air. Bhí náire air.
Náire, ceann faoi.