Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
ag briseadh a chroí (2)
Figurative idiom
Headwords: croí, bris
Description:
Tréaniarracht, a sheacht ndícheall a dhéanamh.
Corpus examples
Chomáineadh sé leis ag briseadh a chroídhe ag obair ar an bhfeirm go dtí go mbíodh, b' fhéidir, naoi nó deich de bhlianaibh curtha dhé aige.
Source
Mo Sgéal Féin
Page
191
Ins na mainistiribh agus ins na h-eagailsibh, ar fuid na h-Éirean, bhí sagairt agus manaigh agus mná riaghalta, do ló agus d'oídhche, gan bhia gan deoch gan chodla gan suan, ag briseadh a gcroíche ag glaodhach go h-árd ar Dhia, tré impídhe na Maighdine Muire agus na naomh go léir, gan buadh an chatha a bhí ag teacht do leigint leis an namhaid.
Source
Niamh
Page
276
Cross-references
ag briseadh a gcos
ag déanamh a chroídhíchill
Extra examples
Níl aon bhriseadh croidhe annsan air = Ná raibh an saoghal rochruiadh aige = na raibh aon droch-shaoghal ann aige. Ba mhór an briseadh croidhe do an méid sin = an céasadh do.
Source
Lámhscríbhinn (Acadamh Ríoga na hÉireann): M055 Cnuasach Focal ó Mhúscraí (Ó Buachalla)
Headword
croidhe
gaois.ie