#449597
(f) duine do bhaint úsáid (seachas trí dhiúscairt chuig duine eile), chun críocha aon ghnó a sheolann sé nó sí, as na hearraí is earraí sochorraithe a d’fhorbair, a rinne, a chóimeáil, a mhonaraigh, a tháirg, a d’asbhain, a cheannaigh, a d’allmhairigh nó a fuair sé nó sí ar shlí eile nó a d’fhorbair, a rinne, a chóimeáil, a mhonaraigh, a tháirg, a d’asbhain, a cheannaigh, a d’allmhairigh nó a fuair duine eile ar shlí eile thar a cheann nó thar a ceann, ach amháin i gcás ina mbeadh cáin ab inmhuirearaithe i ndáil leis an úsáid, dá muirearófaí í, inasbhainte go hiomlán faoi Chaibidil 1 de Chuid 8,
(f) the application (otherwise than by way of disposal to another person) by a person for the purposes of any business carried on by him or her of the goods, being movable goods which were developed, constructed, assembled, manufactured, produced, extracted, purchased, imported or otherwise acquired by him or her or by another person on his or her behalf, except where tax chargeable in relation to the application would, if it were charged, be wholly deductible under Chapter 1 of Part 8,