Gaois

Nuachtlitir na dTionscadal agus an Ghaeilge á scaipeadh fud fad an domhain

Blog post is available in Irish only

Is cúis bhróid dúinn anseo i ngrúpa taighde Gaois go bhfuil borradh mór tagtha ar an líon daoine a chláraigh le Nuachtlitir na dTionscadal le trí bliana anuas. Agus an bhlagmhír seo á réiteach, tá 2,531 duine sa liosta teagmhálaithe s’againne. Is in Éirinn, ar mhór-roinn na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe atá formhór ár gcuid léitheoirí lonnaithe, ach is deas linn a fhógairt go scaiptear an nuachtlitir lán-Ghaeilge chomh fada leis an Airgintín, an tSín, an India, an tSeapáin, an Astráil agus an Nua-Shéalainn freisin!

Forléargas ar léitheoirí na nualitreach fud fad an domhain

Má smaoinímid siar ar thúsré an chlóphreasa agus na deacrachtaí a bhí acu siúd a dteachtaireachtaí a scaipeadh sa chomharsanacht, gan trácht ar na teachtaireachtaí céanna a chur chuig an taobh eile den domhan, is cinnte go bhfuil dul chun cinn as miosúr tagtha ar chúrsaí cumarsáide. Ní mór dom a rá anseo nach saineolaí ar na cúrsaí seo in aon chor mé, ná baol air, ach i ndiaidh dom cúpla bliain a chaitheamh i mbun an nuachtlitir a chomhordú ar ardán ar a dtugtar SendGrid (an soláthraí SMTP a úsáideann muid), is mór an spéis atá agam anois i gcumhacht na margaíochta digití agus na féidearthachtaí a bhaineann léi, go háirithe maidir le hábhar Gaeilge a scaipeadh ar dhaoine agus áiteanna nach minic a bhíonn an oiread sin Gaeilge le fáil iontu. Déanfar iarracht sa bhlagmhír seo léargas a thabhairt ar an méid sin uile agus ar dhéimeagrafaic na léitheoirí s’againne.

Don té nach bhfuil tuiscint aige nó aici ar na cúrsaí seo (mise san áireamh, go dtí le fíordhéanaí!), caithfear a rá go bhfuil difríocht shuntasach ann idir an líon daoine a chláraíonn le liosta ríomhphoist (2,531 duine sa chás seo) agus an líon daoine a osclaíonn na ríomhphoist chéanna. De réir m’fhigiúirí is déanaí, tá thart ar 900 léitheoir ‘uathúil’ againn, is é sin go bhfuil thart ar 900 duine ann a osclaíonn na ríomhphoist gach seachtain, nó 35% den liosta iomlán. Táimid an-sásta leis an gcéatadán sin óir is idir 15-25% a bhíonn an meánráta oscailte ar fud an domhain.

Bhí mé go hiomlán dall ar na cúrsaí seo nuair a leagadh cúram na nualitreach orm ag tús 2019, ach níl náire dá laghad orm a rá anois go gcaithim roinnt mhaith ama (an iomarca, b’fhéidir!) ag breathnú ar na staitisticí gach seachtain, agus cuireann sé iontas orm i gcónaí cén áit ar domhan a bhfuil na léitheoirí s’againne. Níor chreid mé i dtosach, mar shampla, go raibh níos mó léitheoirí ‘uathúla’ ina gcónaí lasmuigh d’Éirinn ná mar atá in Éirinn féin!

Ar an gcéad dul síos, breathnóidh muid ar na staitisticí a bhaineann le ‘hoscailtí uathúla’ na ríomhphost (oscailt uathúil = duine aonair a osclaíonn ríomhphost) thar thréimhse ceithre seachtaine*. Feictear sna graif thíos gur sna Stáit Aontaithe atá beagnach leath de léitheoirí Nuachtlitir na dTionscadal:

CéatadánOscailtí uathúla
na Stáit Aontaithe49.92%2,276
Éire23.23%1,059
an Fhrainc14.04%640
an Ríocht Aontaithe7.94%362
an Astráil1.07%49
Tíortha eile3.80%173

Léitheoirí na nualitreach

Seo thíos léargas níos mionsonraithe ar léitheoirí na nualitreach sna Stáit uile:

CéatadánAn líon duine
California90.02%2,021
Nua-Eabhrac2.05%46
Illinois1.29%29
Texas1.20%27
Massachusetts0.94%21
Stáit eile4.50%101

Cé gur sna Stáit Aontaithe atá an líon is mó dár gcuid léitheoirí, tá sé spéisiúil gur in Éirinn a dhéantar formhór na gcliceanna uathúla ar an ábhar sna nuachtlitreacha, mar a fheictear sna graif thíos:

CéatadánCliceanna uathúla
Éire53.30%428
na Stáit Aontaithe15.19%122
an Ríocht Aontaithe10.83%87
an Ghearmáin8.09%65
an Spáinn2.62%21
Tíortha eile9.97%80

Léargas ar na cliceanna uathúla fud fad an domhain

Rud amháin atá go maith faoi SendGrid ná go gcuireann siad scoth na staitisticí ar fáil dúinn, a úsáidimid chun feabhas a chur ar an ábhar féin. Mar shampla, gach seachtain cuirtear chugam liosta de na rudaí is mó a thaitníonn lenár gcuid léitheoirí, i.e. cé na rudaí sa nuachtlitir a ndéantar an líon is mó cliceanna orthu (hipearnaisc, grianghraif, srl.). Is iondúil go mbíonn an-tóir ar ábhar ó Bhailiúchán na Scol, ón bPríombhailiúchán Lámhscríbhinní agus ón mBailiúchán Grianghraf… rud ar bith ó dúchas.ie go bunúsach! Déanaimid iarracht, mar sin, an-bhéim a chur ar an ábhar sin i gcónaí, nó áit lárnach a thabhairt dó i leagan amach na nualitreach.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach uile dhuine a chláraigh don nuachtlitir go dtí seo. Is mór againn é.

Agus mura bhfuil tú ar an liosta go fóill, is féidir do sheoladh ríomhphoist a chur leis anseo.

*Tá na sonraí uile ceart don tréimhse 16.03.21 - 15.04.21

Údar: Cathal Burke