#1692709
Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.