#1424650
Taobh amuigh den dá mhíle dán, nó mar sin, atá tagtha anuas chugainn ón tréimhse chlasaiceach, áirítear IGT agus saothar eile den chineál céanna a d’fhoilsigh Lambert McKenna faoin teideal Bardic syntactical tracts (BST) sa bhliain 1944, ar na foinsí is luachmhaire atá againn dár n-eolas ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach.