#270204
Tuigtear go dtabharfaidh Banc Ceannais na hÉireann a bheannacht don togra seo.
Tuigtear go dtabharfaidh Banc Ceannais na hÉireann a bheannacht don togra seo.
Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann.
Inniu an spriocdháta a bhí ag Banc Ceannais na hÉireann chun glacadh le haighneachtaí mar chuid de phroiséas comhairliúcháin atá ar bun i dtaobh rialacha nua mórgáiste.
Bhagair Banc Ceannais na hÉireann áfach go bhféadfaí bainc a fhágáil i ndroch-chaoi má chuirtear iachall orthu a gcuid rátaí athraitheacha a ísliú.
Dúirt sé inné nárbh é Banc Ceannais na hÉireann a chuir an méid sin in iúl dó.
Féachfar le soiléiriú a fháil maidir le freagracht dreamanna éagsúla agus déanfar scagadh ar an gcaidreamh idir Banc Ceannais na hÉireann agus an Rialtóir Airgeadais, an Roinn Airgeadais, agus na hinstitiúidí bainc.
Scrúdófar freisin an bealach a dtéadh Banc Ceannais na hÉireann agus an Roinn Airgeadais i mbun cumarsáide lena chéile agus a éifeachtaí a bhí an córas cumarsáide sin eatarthu.
Eisíonn Banc Ceannais na hÉireann boinn chuimhneacháin gach bliain ach is iondúil gur earraí do bhailitheoirí a bhíonn iontu seo agus luach €10 nó níos mó ar an mbonn féin.
Eiseoidh Banc Ceannais na hÉireann 4.5 milliún bonn inniu chun Éirí Amach na Cásca 1916 a chomóradh.
Deir Banc Ceannais na hÉireann go bhfuil an titim sa leibhéal riaráistí ar mhorgáistí tí ag leanúínt ar aghaidh.
Tá sé i gceist go mbeadh Banc Ceannais na hÉireann chomh maith leis na bainc thráchtála os comhair Choiste Airgeadais an Oireachtais i mí Eanáir seo chugainn.
Tá sé fógartha ag Banc Ceannais na hÉireann nach bhfuil siad le hathrú a dhéanamh ar na príomhshrianta atá ar dhaoine ar mhian leo teach a cheannach.
Seoladh ar líne inné An Príomhchlár Creidmheasa, ach ní féidir le Banc Ceannais na hÉireann glacadh le hiarratais i nGaeilge ar an chóras nua go fóill.
Bhí Christine Lagarde ag labhairt i mBaile Átha Cliath mar a raibh sí ag freastal ar chomhdháil a d'eagraigh an Ciste i gcomhar le Banc Ceannais na hÉireann.
Deir Banc Ceannais na hÉireann le Nuacht RTÉ/TG4 gurb ionann é sin agus €7,236 in airgead an lae inniu.
Teipeanna tromchúiseacha a bhí ionta seo dar le Banc Ceannais na hÉireann agus is toisc san go bhfuil an fhíneáil chomh hard.
Tá Banc Ceannais na hÉireann ag cur fainic ar dhaoine gan aon bhaint a bheith acu leis an gcomhlacht airgeadais ón Ungáir EMS.
Tá fainic á cur ag Banc Ceannais na hÉireann go bhféadfadh Breatimeacht gan mhargadh nó Breatimeacht ‘mí-eagraithe’ an fiachas náisiúnta a dhéanamh níos measa.
Tá Banc Ceannais na hÉireann ag tuar go dtiocfaidh borradh faoi gheilleagar na tíre sa dara leath den bhliain má bhíonn rath ar an gclár vacsaínithe in aghaidh Covid-19.
Tá fíneáil €37.774 milliún gearrtha ar Bhanc Uladh ag Banc Ceannais na hÉireann faoi bheagnach leathchéad riail maidir le morgáistí rianúcháin a shárú.
Tá fíneáil €24.5 milliún gearrtha ag Banc Ceannais na hÉireann ar Bhanc na hÉireann faoi rialúcháin a bhaineann le teicneolaíocht faisnéise a shárú.
Dúirt sé nach bhfuil se fíor go raibh sé “faoi bhois” an mhargaidh réadmhaoine agus nach rabhthas ar aon fhocal faoin méid a bhí i ndán don tír, i bhfianaise na dtuarascálacha a chuir Banc Ceannais na hÉireann ar fáil don Rialtas a thug le tuiscint gur ‘tuirlingt bhog’ a dhéanfadh an tír tar éis an Tíogair Cheiltigh.
Go gcaithfear a rá le Banc Ceannais na hEorpa (BCE) go bhfuil laghdú €75bn de dhíth ar na fiacha atá ag BCE, ag Banc Ceannais na hÉireann agus ag sealbhóirí bannaí ar an stát.
Suim shuntasach ab ea é sin agus measann urlabhraí de chuid Banc Ceannais na hÉireann go mbeadh luach beagán os cionn leathmhilliún euro (€533,901) ar an airgead sin sa lá atá inniu ann.
Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
Meastar go n-ardóidh an figiúir seo go 16,000 faoin bhliain 2008 agus tá Banc Ceannais na hÉireann ag tuar gur gearr go mbeidh muid ar bharr na sraithe Eorpaí don chóimheas seo.
Leis an rúndiamhair a dhéanamh níos rúndiamhaire arís, is féidir a rá go bhfuair sé an t-airgead díreach amach as Banc Ceannais na hÉireann agus cead ar leithligh aige ón bhanc sin é a úsáid.
Tá sé ráite ag Banc Ceannais na hÉireann go bhfuil rath níos mó ar an ngeilleagar trí chéile faoi láthair ná mar a tuaradh ainneoin na géarchéime sláinte, ach go bhfuil cúrsaí fostaíochta níos measa ná a ceapadh a bheadh. I bhfeasachán ráithiúil an Bhainc Ceannais, deirtear nach dtiocfaidh an borradh céanna faoi earnálacha uile an gheilleagair agus an tír ag teacht chuici féin amach anseo. Tá ag éirí go maith fós leis an earnáil easpórtála, go háirithe an earnáil chógaisíochta, a deirtear, ach tá an earnáil dhlúthshaothair dhúchasach buailte go dona ag srianta Covid-19.
Dúirt an Ghníomhaireacht go ndearnadh an cinneadh an socrú idir Davy agus an Rialtas a tharraingt siar i bhfianaise na tuairisce a d'fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann an tseachtain seo caite i leith an chomhlachta.
Agus muid tagtha chugainn féin arís i ndiaidh an scéala go raibh moladh déanta go gcuirfí Conor McGregor ar an mbonn €1, caitheann Maitiú Ó Coimín súil ar stair na mbonn comórtha in Éirinn ó aimsir bhunú an tSaorstáit i leith… An tseachtain seo chugainn eiseoidh Banc Ceannais na hÉireann an chéad bhonn comórtha a bhaineann go sonrach leis an tír seo ó cuireadh amach bonn comórtha do mhílaois Bhaile Átha Cliath beagnach 30 bliain ó shin.
Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann Bualadh an chéad bhonn comórtha a bhí le húsáid ó lá go lá sa bhliain 1988.
Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann Mar chuid den cheiliúradh domhanda ar na Náisiúin Aontaithe a bheith 50 bliain ar an bhfód, tugadh cuireadh do gach ballstát páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus ghlac Éire leis an gcuireadh sin.
Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann Ó cuireadh an Euro i bpócaí mhuintir na hÉireann 14 bliain ó shin bualadh ceithre bhonn comórtha – gach aon cheann acu ar bhonn uile-Eorpach.
Pictiúr: Banc Ceannais na hÉireann Bonn comórtha 10 bliain den Euro.
Dúirt AIB le RTÉ nach bhfuil siad ar an eolas faoi na líomhaintí. Banc Ceannais na hÉireann, Baile Átha Cliath Dúirt urlabhraí an Bhainc Ceannais nach bhfuil sé ar chumas an bhainc aon ghearán aonair a phlé ach go nglactar go dáiríre le haon chomhfhreagras a thagann ó fhoinsí agus go bhfiosraítear na gearáin ar fad go hiomlán agus go cuimsitheach.