#262214
Tá seo séanta go láidir ag Ceann Foirne na bhFórsaí Cosanta an Leifteanant-Ghinearál Conor O' Boyle.
Tá seo séanta go láidir ag Ceann Foirne na bhFórsaí Cosanta an Leifteanant-Ghinearál Conor O' Boyle.
D'fhógair Ceann Foirne na bhFórsaí Cosanta go bhfuil sé fós i gceist an chéad díorma eile saighdiúirí Éireannacha a chur go hArdáin Ghóláin ag deireadh na míosa seo, ainneoin na corraíle móire sa tSiria. Dúirt an Leifteanant-Ghinearál Conor O'Boyle, mar sin féin, go bhféadfadh an plean sin athrú, dá dtogródh an Rialtas saighdiúirí Éireannacha a tharraingt amach as an réigiún.