#1369725
Tá cead tugtha ar deireadh do lánúin sa Bhriotáin an t-ainm traidisiúnta Briotáinise Derc'hen a thabhairt ar a mac. Bhí conspóid tarraingthe ag an gcás mar gur thug na húdaráis le fios don lánúin roimhe seo gur sháraigh litriú an ainm rialacháin teanga na Fraince.