#1297513
D'fháiltigh an tAire Fostaíochta agus Fiontair, Frances Fitzgerald roimh an fógra agus dúirt gur léiriú sampla Microsoft ar an fhostaíocht gur féidir leis an tír a bhaint amach ó na comhlachtaí idirnaisiúnta atá lonnaithe anseo cheana. Tá níos mó ná 2,000 fostaithe ag an gcomhlacht sa tír ina iomláine. Tá tús curtha ag an gcomhlacht leis an bpróiseas earcaithe. Chuir Microsoft tús lena ngnó in Éireann sa bhliain 1985 agus ó shin tá a Lárionad Forbartha Eorpach, a n-Ionad Stórála Sonraí EMEA agus a n-Ionad Feidhmiúcháin EMEA lonnaithe sa tír.