#1529455
Má bhí an laghdú ó 821 go 481 páiste GTT in imeacht cúig bliana ait, bhí roinnt de na sonraí sa bhriseadh síos ar na scoileanna níos aite fós. An chéad fhigiúr a léim amach chugam ná nach raibh ach seachtar daltaí GTT as 651 sa mheánscoil lán-Ghaeilge Coláiste Feirste. Ní raibh ach 14 dalta GTT i gCathair iomlán Dhoire – 14 i nGaelcholáiste Dhoire agus gan duine ar bith i gColáiste Bhríde, áit a bhfuil aonad lán-Ghaeilge. Ach de réir dealraimh bhí 73 dalta GTT i Scoil Chlochar Naomh Iosaef i nDomhach Mór, scoil Bhéarla le haonad Gaeilge i mbaile beag i gCo Thír Eoghain! Tuigim go mbeadh na daltaí sin ag teacht ó abhantrach tíreolaíochta réasúnta mór, ach fós – 14 i gCathair Dhoire agus 73 i nDomhnach Mór?