#367114
Mar sin, más duine thú a bhaineann le ‘gang Londan’ (nó, go deimhin, gang Ghlaschú, gang Springfield, gang Boston, gang Perth na hAstráile nó gang Bhruiséil na Beilge), má bhíonn tú sa bhaile um Nollaig agus má tharlaíonn tú ar an gcolún seo, nó go deimhin más bean nó fear óg thú nár fhág an baile riamh agus atá ag streachailt leis an gceist seo atá chomh sean leis na cnoic, cogar i do chluas uaimse: ná bíodh leisce ort léim (ar ais) ar bhus, ar thraein, ar bhád nó ar eitleán a bhéarfaidh i bhfad ó do bhaile dúchais thú.