#1717081
Isteach liomsa in uimhir 18 Sráid Iústas, croílár Bharra an Teampaill, chun labhairt le Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Mhaoin Bharra an Teampaill (MBT).
Isteach liomsa in uimhir 18 Sráid Iústas, croílár Bharra an Teampaill, chun labhairt le Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Mhaoin Bharra an Teampaill (MBT).
An dá chúram atá ar MBT ná bainisteoireacht a dhéanamh ar fhoirgnimh na háite, agus saol cultúrtha an cheantair a chur chun cinn.
Is é príomhaidhm MBT ná ionaid chultúrtha agus spáis phoiblí a chothú sa cheantar, maoirseacht a dhéanamh orthu agus iad a chur ar fáil d'ealaíontóirí.
Chomh maith le himeachtaí áitiúla, tá MBT ag breathnú taobh amuigh den cheantar leis an tionscadal CCAT (Cultural Co-operation and Touring), tioncadal idir oirdheisceart na hÉireann agus iarthar na Breataine Bige.
Ní féidir tada a athrú gan ionchur a bheith agat i gcúrsaí pleanála, agus ní raibh ról riamh ag MBT sa réimse seo, cé go mbíonn tionchar acu uaireanta nuair a bhíonn ceadúnais á mbronnadh.
Mar shampla, tá muid féin [MBT], i dteannta le lucht gnó agus eagraíochtaí thart ar an cheantar agus Comhairle na Cathrach, ag beartú imeacht beag Gaeilge a reáchtáil i mbliana i rith Sheachtain na Gaeilge." Lá oscailte ======= B'fhéidir nach bhfuil mórán ag tarlú ó thaobh na Gaeilge sa cheantar ach tá neart rudaí eile ag dul ar aghaidh.