#294500
An fear a bhfuil OPEC go huile agus go hiomlán faoina smacht aige.
An fear a bhfuil OPEC go huile agus go hiomlán faoina smacht aige.
Go traidisiúnta, is éard a dhéanfadh OPEC i gcás mar seo ná gearradh siar ar an méid ola a sholáthraíonn siad – rud a choinnigh praghasanna ard, ó tharla smacht iomlán a bheith acu ar an margadh. Ach is tábhachtaí i bhfad don Araib Shádach anois a sciar féin den mhargadh a chosaint ná praghas ard a bhaint amach; chuige sin atá Ali al-Naimi nuair a ghearann sé praghas na hamhola arís agus arís eile. Sin drochscéal dóibh siúd a sholáthraíonn ola don chuid eile den domhan agus a bhfuil a gcuid geilleagar féin ag brath air sin – an Rúis, mar shampla, agus cuid mhaith eile de bhaill eile OPEC. Ní mó ná sásta atá Putin, mar shampla.