#1826919
Táimse chun filleadh ar an gcaidreamh is dual dom le OT.
Táimse chun filleadh ar an gcaidreamh is dual dom le OT.
Bíodh sin mar atá, d’fhéachas ar chlár iomlán do OT, faoi mar atá baiste air dealraíonn sé, den chéad uair i mo shaol.
– Féach, éinne atá ag cur clabhsúir ar an gcás eile, fágadh sé i leataobh go fóill é. Measaim go mbaineann sé sin le Mike Hanrahan agus Helen Cummins go háirithe.... Is féidir é a chur síos ar OT.
Bhí codanna áirithe den chlár brónach go maith; Ann Brophy, a bhfuil bunghalar uirthi, sáinnithe ina hárasán léi féin agus Lorrainne O’Neill, iar-rannpháirtí OT, a bhfuil iníon léi i mbaol mar go bhfuil fiobróis chisteach uirthi.