Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

42 toradh in 22 doiciméad

  1. #295884

    Ba í an Gearmánach Bibiana Steinhaus a rinne réiteoireacht ar Chluiche Ceannais Sacair na mBan ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain – bíonn sí ar dualgas taobhlíne go minic i gcluichí sa Bundeslegia agus níl sé ach cúpla seachtain ó tháinig idir í agus Pep Guardiola agus cluiche idir Bayern Munich agus Borussia Moenchgladbach ag drannadh lena dheireadh.

  2. #903161

    Ar an taobh eile den chathair, tá os cionn €200 milliún caite ag City ar leithéidí John Stones (€55M), Leroy Sané (€50M), Gabriel Jesus (€32M), Ilkay Gundogan (€27M) agus Claudio Bravo (€18M) agus iad ag iarraidh imreoirí a bhfeileann stíl Pep Guardiola a thabhairt isteach.

  3. #904516

    Faraor, tá oiread de ar bun go rialta ar fud na cruinne go dtuigeann muid go rímhaith céard is cogaíocht ann agus is mór idir é agus cluiche sacair nár chruthaigh ach gur ag City atá an fhoireann is fearr faoi láthair agus go bhfuil Jose Mourinho chomh postúil, leitheadach agus a bhí sé riamh, ainneoin gan a bheith buaite ag foirne dá chuid ach trí cinn de na 17 cluiche a d’imir siad in aghaidh foirne a bhí faoi cheannas Pep Guardiola.

  4. #1360622

    Bhí curiarrachtaí bainte amach ag City cheana féin i mbliana, as an méid is mó cluichí a bhuachan agus as an méid is mó cúl a scóráil, agus chuir City agus Pep Guardiola a n-ainm i leabhar na staire arís eile nuair a d’aimsigh Gabriel Jesus cúl an bhua dóibh agus an t-am caite in aghaidh Southampton inné.

  5. #320197

    Pep Guardiola, a thug freagra láidir ar na ceisteanna a bhí á gcur faoina ról mar bhainisteoir Bayern Tar éis an chéad chluiche i gcoinne Porto, inar chaill Bayern 3-1, chinn dochtúir na nGearmánach, Hans-Wilhelm Müller-Wohlfahrt, agus an fhoireann leighis uile, éirí as mar gur cheap siad go raibh an milleán á chur orthusan as ucht na ndrochthorthaí a bhí ag Bayern le tamall.

  6. #903141

    Ar ndóigh, bíonn naimhdeas mór idir an dá fhoireann de bharr go bhfuil siad sa chathair chéanna agus go raibh siad in iomaíocht lena chéile sna comórtais mhóra le cúpla bliain anuas, ach beidh bior breise ag baint le cluiche an lae amárach ar chúiseanna éagsúla… Ba é ceann de na scéalta ba mhó a tharraing aird roimh thús an tséasúir ná go mbeadh Pep Guardiola agus José Mourinho ag obair sa tsraith chéanna arís.