Gaois

Search mode

Filter results

Collections

4 results in 4 documents

  1. #1892749

    Ta Corcaigh leath-sli sios an liosta agus 72% den bpobal tar eis clárú agus ta Port Lairge ag dul i dtreo bhun an liosta agus 69% den ndaonra ansan tar eis clárú le hUisce Eireann.

  2. #1904211

    Seachtain na Rothar Tá iarracht bhreise a dhéanamh ag Comhairle Contae Chiarraí i mbliana ina bhfeachtas chun a gcuid fostaithe a ghríosadh le páirt a ghlacadh i Seachtain na Rothar a bheidh ar siúl ón aonú lá déag go dtí an 9ú lá déag den mhi seo chugainn. Deir Michéal Ó Coiléain, Oifigeach Timpeallachta na Comhairle, go bhfuil comórtas á reachtáil acu ar chóras App Strava chun daoine a mhealladh rothaíocht go dtína n-ionad oibre in ionad a gcuid mótar a úsáid an tseachtain sin.Tá bealaí rothaíochta i gCill Airne cheana féin, a deir sé, agus laistigh de bhliain beidh sli níos fearr forbartha do rothaithe le husaid ó Chathair Uí Mhóráin go dtí Institiúid Teicneolaíóchta Thrá Lí.  Cill na Martra Beidh ócáid in Ionad Lae na Sinsear i gCill na Martra tráthnóna ag ceiliiuradh na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag Comhlacht Tithe Sóisialta agus Forbairt an tSuláin ó osclaíodh Ionad Cois Cille ansan deich mbliana ó shin.  Tá naoi dtigh sóisialta tógtha ag an gcomhlacht mar chuid den bhforbairt. Ceiliúrfaidh sagart paróiste Bhaile Bhúirne an tAthair Dónall Ó Briain aifreann ann ar a 2.00 a chlog.