Gaois

Search mode

Filter results

Collections

82 results in 47 documents

  1. #284410

    Is í an Teachta Parlaiminte, Annabelle Ewing, ó Pháirtí Naisiúnta na hAlban, a tharraing aird ar an easpa aitheantais seo i dtosach báire agus tá fáilte curtha aici roimh fhógra an SSE.

  2. #1779961

    Ach tá aidhm amháin ag na hearraí ar fad a chuireann leithéidí Baltimore agus SSE ar fáil: eolas a choimeád rúnda.

  3. #1904396

    'Níor íoc SSE Renewables as bóthar Sheanadh Phéistín' - Innealtóir Co Co na Gaillimhe Tá sé deimhnthe ag an Innealtóir Sinsearach i gComhairle Contae na Gaillimhe John Leahy nach bhfuil aon airgead faighte ag an gComhairle Contae ón gcomhlacht SSE Renewables le caoi a chuir ar bhóthair Sheanadh Phéistin.

  4. #1908630

    Dúirt Bertie Ó Flaithearta go bhfuil sé seo le feiceáil ag tarlú le dó nó trí de bhlianta ach go háirithe.  SSE Renewables Caitheadh níos mó ná an €400,000 a chuir an comhlacht SSE Renewables ar fáil do Chomhairle Contae na Gaillimhe  le caoi a chur ar bhóthar Sheanadh Phéistín  i ndiaidh na hoibre a bhí siad a dhéanamh ar mhuillte gaoithe sa gceantar.

  5. #1909947

    SSE Renewables i mbun urraíochta in Uachtar Ard Tá €150,000 caite go dtí seo ar chúrsaí urraíochta ag an gcomhlacht SSE Renewables i gceantair Uachtar Ard, Chill Aithnín agus i Maigh Cuilinn de réir na tuairisce a chuir siad amach inné.

  6. #1910562

    Tá an coiste ag iarraidh go gcuirfí caoi cheart ar an gcúig chiliméadar bóthair atá i gceist, mar a gheall SSE Renewables a dhéanfaí.

  7. #1918205

    Deontaisí €118k ó SSE Airtricity In Árus Éamonn Mac Suibhne i gCúil Aodha Halla aréir, bhronn an comhlacht fuinnimh, SSE Airtricity, €118,000 i ndeontaisí ar choistí pobail ó cheantair Mhúscraí agus Shráid a'Mhuilinn mar sciar den ioncam ó dhá fheirm gaoithe atá ag an gcomhlacht lámh le Mullach an Ois.

  8. #1923611

    Iarratas pleanála Tá iarratas pleanála déanta ag comhlacht fuinnimh in athnuaite SSE Renewables ceangal a chur ó fheirm gaoithe Lenalea go líne ard chumhachta leictreachais 110kv a théánn ó Leitir Ceanainn go dtí'n Bhinn Bhán, ag Killymasney in aice le Gleann Súilí.Lorg SSE Renewables cead pleanála chun 580 méadar de cháblaí leictreachais a chur ar chuaillí dúbailte, agus dhá phiolón iarainn san áireamh fosta.

  9. #1903966

    Droch-chaoi ar bhóthar Tá daoine i Seanadh Pheistín agus i bhFormaoil le cruinniú poiblí a reáchtáil tráthnóna amárach faoin drochbhail atá fágtha ar an mbóthar ansin ag an gcomhlacht atá ag feistiú muilte gaoithe sa gceantar. Tá an-imní ar an bpobal nach gcuirfear caoi cheart ar an mbóthar mar go bhfuil an obair críochnaithe idir an suíomh tógála agus an cairéal as a raibh na clocha á dtabhairt. Tá sé iarrtha acu ar an gcomhlacht SSE Renewables caoi a chur ar an mbóthar, ach dúirt siadsan gur leis an gcomhairle contae an obair sin a dhéanamh. Dúirt Innealtóir Sinsearach ó Chomhairle Contae na Gaillimhe go gcaithfeadh an comhlacht SSE Renewables an oifig áitiúil a chur ar an eolas go bhfuil siad críochnaithe ag tarraingt chlocha ón gcairéal go dtí an suíomh tógála sula bhféadfaí caoi mhaith a chur ar an mbóthar.

  10. #1905431

    Bhóthar Sheanadh Phéistín Tá an t-airgead tugtha ar láimh ag an gcomhlacht SSE Renewables do Chomhairle Contae na Gaillimhe le caoi a chur ar Bhóthar Sheanadh Phéistín. Sin de réir an eolais a tugadh don ghrúpa áitiúil atá i mbun feachtais sa gceantar. Ach thug urlabhraí ón ngrúpa le fios do Nuacht an Iarthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, go mbreathnaíonn sé nach leagfar lámh ar an mbóthar go dtí deireadh na bliana, mar go bhfuil bóthar Sheanadh Phéistín ar dheireadh an liosta don obair atá le déanamh ag Comhairle Contae na Gaillimhe i gConamara. Táthar ag súil go dtabharfar tuilleadh eolais do Chomhairleoirí Contae Chonamara an tseachtain seo faoi phleananna na Comhairle don bhóthar. Dúirt an t-urlabhraí áitiúil nach bhfuil aon mhuinín acu as an gcomhlacht SSE Renewables mar nár thug siad an t-airgead don Chomhairle Contae níos túisce i mbliana nuair a bhí siad ceaptha é a thabhairt dóibh, a dúradh. Tá súil ag an bpobal go gcuirfear caoi freisin ar phíosa eile bóthair idir Fionnán agus Seanadh Phéistín. Dúirt an t-urlabhraí áitiúil gur gealladh dóibh go gcuirfí caoi ar an bpíosa sin, go bhfuil sé thar a bheith contúirteach agus go bhféadfaí carr a chur den bhóthar go héasca ann.

  11. #1907496

    Ionad fuinnimh gaoithe Thug Rita Uí Chonghaile as an Dún i Maigh Cuilinn le fios go bhfuil sé geallta do mhuintir na háite ag an gcomhlacht SSE Renewables go mbeidh meaisín ag scuabadh agus ag glanadh an dusta sa gceantar chuile dheireadh seachtaine feasta. Théis dhi a bheith ag clamhsán faoin ábhar leis na meáin chumarsáide Déardaoin seo caite, tháinig lucht an chomhlachta tráthnóna Dé hAoine seo caite agus meaisín faighte ar cíos acu leis an nglanadh a dhéanamh. Tá imní ar mhuintir na háite go bhfuil an dusta a bhíonn ag imeacht san aer ó na leoraithe atá ag obair ar fheilm ghaoithe na Gaillimhe ag cur as do shláinte mhuintir na háite.Deir Rita Uí Chonghaile go bhfuil sé ráite leo ag SSE Renewables go bhfuil cuntas acu ar an líon dusta atá ag imeacht san aer de bharr a gcuid oibre i gceantar Mhaigh Cuilinn, agus cé go bhfuil sé iarrtha acu ar an gcomhlacht é a chur ar fáil dhóibh, nach bhfuil sé sin déanta acu go dtí seo.

  12. #284408

    I leabhrán agus in ionad mínithe de chuid bhord leictreachais na hAlban (SSE), déantar tagairtí ann don obair a rinne muintir na Seice, na Polainne agus na Gearmáine, ach ní luaitear muintir na hÉireann ann beag ná mór.

  13. #754779

    Deir urlabhraí pobail as an Dún, Maigh Cuilinn, Co na Gaillimhe, go bhfuil sé geallta do mhuintir na háite ag an gcomhlacht fuinnimh gaoithe SSE Renewables go mbeidh meaisín ag scuabadh agus ag glanadh an dusta sa cheantar gach deireadh seachtaine feasta.

  14. #754782

    Tá siad ag iarraidh ar SSE Renewables an cuntas atá ag an gcomhlacht ar an méid dusta atá ag imeacht san aer de bharr a gcuid oibre i gceantar Mhaigh Cuilinn a chur ar fáil dóibh.

  15. #1295233

    Beidh go dtí deireadh an lae inniu ag daoine lena gcuid tuairimí a thabhairt faoin dréacht atá molta.Tá Páirc Ghaoithe na Gaillimhe –  atá ag dul ó  Ros Cathail síos chomh fada le Seannadh Phéistín – beagnach críochnaithe agus is iad SSE Renewables i gcomhair le Coillte atá á riaradh.

  16. #1501199

    Ach deir Timmy Dooley nach bhfuil an maoiniú cuí á chur ar fáil ag Fine Gael agus gurbh é sin an chúis go bhfuil an ESB, Vodafone, Eir agus anois SSE tar éis seasamh siar ón togra.

  17. #1501234

    Tá easpa seirbhís láidir leathbhanda ag cur le bánú na tuaithe a deir lucht gnó i gCiarraí.  Tá achainí déanta ar an Rialtas freagracht a thógáil as an tseirbhís má theipeann ar an bplean naisiúnta leathanbhanda, i bhfianaise SSE a bheith tar éis tarraingt siar as an tairiscint a bhí ullmhaithe acu le Enet.

  18. #1631377

    Tugann staidéir áirithe le tuiscint go bhfuil ráta forbartha foclóra níos moille ag páistí le SSE íseal sa tréimhse réamhscolaíochta agus gnóthachtáil níos laige níos faide anonn (Hart & Risley, 2003; Peers, et al., 2000; Walker, et al., 1994).

  19. #1631380

    Aithníonn peirspictíocht eile atá ar fáil sa litríocht áfach na difríochtaí i stíl teanga dhaltaí le SSE íseal in áit easnaimh sa T1 (máthairtheanga an duine), sé sin go n-úsáidtear réimsí teanga níos teoranta i gcomhthéacsanna sóisialta an lucht oibre nó patrúin sochtheangeolaíocha ilghnéitheacha (Labov, 1970) nach luíonn le spriocanna acadúla (Bernstein, 1996; Cause, 2010).

  20. #1631386

    Ar an nós céanna, fuarthas amach i staidéir a chuir SSE san áireamh go raibh daltaí ó chúlraí míbhuntáiste sa suíomh tumoideachais ar chomhleibhéal maidir lena bhforbairt sa T1 is a bhí daltaí ó chúlraí céanna nach raibh ag freastal ar an gcóras tumoideachais.

  21. #1631573

    Ní mór a mheabhrú anseo áfach, faoi mar a pléadh é sa léirbhreithniú litríochta, nach i gcónaí gur ‘lagchumas’ a bhíonn i gceist anseo ach neamhréir idir stíl teanga an pháiste SSE íseal agus an teanga acadúil/foirmiúil a mbítear ag súil leis sa chóras oideachais go ginearálta.

  22. #1631575

    Cé gur léirigh faisnéiseoirí (múinteoirí, MOS agus príomhoidí) an-tuiscint agus an-léargas ar chúinsí SSE íseal agus bac sa chéad teanga, is beag feasachta a léiríodh maidir le stíl teanga an aicme oibre tríd is tríd sa staidéar.

  23. #1631580

    Glaoitear i gcomhair tuilleadh béime ar chláir oiliúna ar an mbaint idir SSE agus teanga i gcúrsaí oideachais agus tumoideachais, agus tuilleadh tuisceana ar an gcomhthéacs sóisialta agus teangeolaíochta ó ghníomhaireachtaí seachtracha a bhíonn ag plé le gaelscoileanna DEIS.

  24. #1631593

    Aithníodh i Measúnachtaí Náisiúnta 2010 i Scoileanna Lán-Ghaeilge roinnt de na tréithe a bhaineann le foghlaim agus teagasc i dtimpeallachta na scoile lán-Ghaeilge go ginearálta; meán SSE na scoileanna, taithí na múinteoirí, forbairt ghairmiúil leanúnach, muinín as teagasc, teanga baile an dalta agus soláthar ar thacaíochtaí breise.