#276385
Tá go dtí deireadh na seachtaine tugtha ag Uachtarán cheann eagraíochta domhanda na Lúthchleasaíochta an IAAF, Sebastian Coe, d'Údaráis Lúthchleasaíochta na Rúise freagra a thabhairt ar thuarsascáil Wada.
Tá go dtí deireadh na seachtaine tugtha ag Uachtarán cheann eagraíochta domhanda na Lúthchleasaíochta an IAAF, Sebastian Coe, d'Údaráis Lúthchleasaíochta na Rúise freagra a thabhairt ar thuarsascáil Wada.
Tá an saotharlann a dhéanann tástáil frith-dhópála sa Rúis curtha ar fionraí ag an áisíneacht frith-dhópála domhanda WADA.
Tá an Áisíneacht Dhomhanda Frith-Dhópála (WADA) ag iarraidh cosc iomlán a chur i bhfeidhm ar an Rúis a bheith páirteach.
Tá Wada, an ghníomhaireacht domhanda frith-dhópála ag moladh go gcuirfí cosc ar lúthchleasaithe na Rúise páirt a ghlacadh i gcomórtais lúthchleasaíochta as seo amach, cluichí olimpeacha na bliana seo chugainn ina measc, más gá.
Dúradh go raibh súil ag an lucht fiosraithe go nglacfadh an Rúis leis an tuarascáil sa gcaoi agus go bhféadfaí tosaí ag cur nithe ina gceart. Tá go dtí deireadh na seachtaine tugtha ag Uachtarán na hEagraíochta Domhanda Lúthchleasaíochta an IAAF, Sebastian Coe, d'Údaráis na Rúise freagra a thabhairt ar thuarsascáil Wada.
Bhain breis is míle lúthchleasaí Rúiseach buntáiste as comhcheilg Stáit chun a gcuid cleachtais dópála a cheilt idir na blianta 2011 agus 2015, de réir thuarascáil na Gníomhaireachta Frithdhópála Domhanda, WADA, a foilsíodh ar a suíomh idirlín.
Tá comórtais spóirt domhanda truaillithe agus fuadaithe ag na Rúisigh i ngan fhios don phobal le blianta fada, a dúirt Richard McLaren inniu, agus tá sé in am stop a chur leis. Is ar son na Gníomhaireachta Frithdhópála Domhanda WADA a tugadh faoin dtuarascáil neamhspleách úd.