Gaois

Search mode

Filter results

Collections

28 results in 10 documents

  1. #801597

    Chuir an t-abhcóide cosanta sóisearach, John R. Stritch, béim freisin ar chumadóireacht na bhfinnéithe agus chuir i gcomparáid iad le bleachtairí agus iad ag leanúint na bhfear oíche an áir:

  2. #801681

    Ba é an t-abhcóide cosanta sóisearach, John R. Stritch, a rinne an suimiú thar ceann an phríosúnaigh nuair a bhí an fhianaise ar fad cloiste ag an ngiúiré.

  3. #801731

    Dúirt an t-abhcóide cosanta sinsearach, George Orme Malley, gur ábhar mórtais é faoin mbunreacht go raibh gach duine i dteideal éisteacht chothrom cúirte a fháil, saor ó chlaontacht:

  4. #802549

    Ba thiarna talún a bhí in abhcóide cosanta sinsearach na bpríosúnach, George Orme Malley agus is cosúil gur lean sé leis an dá chúram sin – an talamh agus an dlí.

  5. #396953

    Thug an Garda Jason Kelly fianaise maidir le rothair a raibh amhras ar na Gardaí fúthu. D’admhaigh an Garda don abhcóide cosanta Bernard Madden nach raibh aon ní ag baint leis na rothair a cheanglódh a chliant Irmantas Paulauskas leis an robáil.  Leanfar leis an triail Dé Máirt seo chugainn.

  6. #801478

    Rinne an t-abhcóide cosanta sinsearach, George Orme Malley, iarratas láithreach ar son an phríosúnaigh go n-aistreofaí an cás go Gaillimh le go bhféadfaí giúiré a fháil a thabharfaí go Mám Trasna féin, láthair na ndúnmharuithe, le go bhfaighidís tuiscint iomlán ar leagan amach na háite.

  7. #801525

    Agus é á chroscheistiú ag George Malley, an t-abhcóide cosanta sinsearach, ceistíodh é faoi aon aighneas nó coimhlint a bhí aige leis an bpríosúnach Pádraig Seoighe roimhe sin agus thagair sé do dhá ócáid; dúirt sé gur chaith sé an Seoigheach amach as damhsa a bhí ar siúl i dteach a dhearthár oíche a raibh sé ag tarraingt achrainn ann agus ar ócáid eile b’éigean do phóilín, an Constábla Johnston, teacht i gcabhair ar mhac an fhinné, Páidín Seoighe, nuair a lean an príosúnach é agus scian agus casúr ar iompar aige.

  8. #801527

    Agus é faoi chroscheistiú ag an abhcóide cosanta sóisearach, John R. Stritch, d’admhaigh sé nach raibh sé de nós acu daoine a leanúint san oíche agus nach ndearna seisean riamh roimhe é ná nach bhfaca sé a athair ná a uncail á dhéanamh ach an oiread.

  9. #801545

    Ina chroscheistiú dhírigh George Malley, an t-abhcóide cosanta sinsearach don phríosúnach, ar laigí i scéal Mhic Philibín le tabhairt le fios gur i mbun cumadóireachta a bhí sé mar nach raibh sé i láthair ar chor ar bith ar an oíche.

  10. #801576

    Le suimiú ar an gcás go dtí sin a thosaigh an t-abhcóide cosanta sinsearach, George Orme Malley, thar ceann an phríosúnaigh agus dúirt gur dúnmharuithe gan chúis, gan chuspóir a bhí i gceist de réir na fianaise a bhí tugtha sa chúirt.

  11. #801666

    Ba bheag eolas nua nó suntasach a tháinig chun cinn le linn na trialach ach gur cosúil go ndeachaigh an t-abhcóide cosanta sóisearach, John R. Stritch, beagán níos déine ar an mbrathadóir Tomás Ó Cathasaigh faoin margadh a rinne sé lena bheatha féin a shábháil:

  12. #801724

    Ach sula ndeachthas i mbun na hoibre sin, d’iarr an t-abhcóide cosanta sinsearach, George Orme Malley, cead na cúirte le hiarratas foirmiúil a dhéanamh; theastaigh uaidh go gcuirfí an chúirt ar athlá agus léigh sé ráiteas mionnscríbhinne a bhí ullmhaithe ag Henry Concanon, dlíodóir an phríosúnaigh, le cur i láthair na cúirte.

  13. #801741

    Mhínigh Stritch, an t-abhcóide cosanta sóisearach ar son an phríosúnaigh, gur thábhachtaí ar fad a chinntiú go mbeadh cothromaíocht i láthair na cúirte ná aon mhíchaoithiúlacht a d’éireodh de bharr moille.

  14. #801770

    Tháinig tuilleadh eolais chun cinn a bhí ina ábhar iontais níos deireanaí nuair a bhí an brathadóir Antoine Mac Philibín faoi chroscheistiú ag an abhcóide cosanta sinsearach, George Orme Malley, thar ceann an phríosúnaigh.

  15. #801782

    Agus é ag caint thar ceann an phríosúnaigh dúirt an t-abhcóide cosanta sinsearach, George Orme Malley, gur botún a bhí ann a rá go raibh an príosúnach Maolra Sheáin Seoighe ina bhall den bhuíon an oíche sin.

  16. #801852

    Nárbh í an mhaidin sin féin a d’fhiafraigh Malley, an t-abhcóide cosanta sinsearach, den ghiúiré cén chaoi a mbeidís dá gciontóidís an príosúnach ach go dtiocfadh fianaise nua chun cinn le cruthú go raibh sé neamhchiontach:

  17. #859150

    Ansin luaigh an abhcóide cosanta cás eile ó Hawkins ‘Pleas of the Crown’, ag áiteamh go mba chóir an chúis a laghdú go dúnorgain, toisc nach raibh ar intinnn ag an triúr an sáirsint a mharú, pléideáil ar diúltaíodh dó freisin.

  18. #1615539

    I ráiteas a léadh sa chúirt thar ceann mhuintir James Loughlin, dúradh go raibh sé do-ghlactha go raibh duine chomh contúirteach le Richard McLoughlin, a raibh cur amach ag na seirbhísí meabhairshláinte air, ina chónaí síos an bóthar óna mac.  Dúirt abhcóide cosanta Richard McLoughlin go raibh an-bhrón ó chroí ar a mháthair faoina raibh déanta ag a mac.

  19. #2034214

    Nuair a cuireadh an tuairisc phromhaidh is déanaí faoi bhráid na cúirte inniu, dúirt an t-abhcóide cosanta Bernard Madden gur chomhoibrigh a chliant go hiomlán leis an tSeirbhís Promhaidh agus gurb í tuairim na seirbhíse gur beag seans go ndéanfadh John Healy athchiontú.