Gaois

Search mode

Filter results

Collections

50 results in 44 documents

  1. #397252

    Deir an lucht eagraithe go bhfaighfidh gach duine a cheannaigh ticéad aisíocaíocht iomlán.

  2. #268879

    Dúirt Brian Sheridan go bhféadfadh sé go mbeadh air thomhaltóirí cruthúnas a chur ar fáil chun aisíocaíocht a fháil ach i ndeireadh na dála tá an dualgas ar na soláthróírí cartaí creidmheasa a chinntiú go bhfaighidh gach duine atá i dteideal aisíocaíocht a gcuid airgid ar ais

  3. #289766

    Bhí €230 á lorg ar sheomra do bheirt i gcomhair Oireachtas na bliana seo chugainn, ach déanfar aisíocaíocht le héinne a d’íoc an praghas sin.

  4. #901933

    Tá cinneadh déanta ag an Rialtas achomharc a dhéanamh maidir le rialú Choimisiún an Aontais Eorpaigh go gcaithfidh Éire €13 billiún a lorg ón ollchomhlacht Apple in aisíocaíocht chánach.

  5. #999979

    Fanaígí anois leis an aisíocaíocht mhór a thiocfaidh as Banc Aontais Éireann agus tuigfidh sibh go bhfuil an straitéis á fíoradh céim ar chéim.

    Boladh an bhua – Seán Ó Héalaí

  6. #1358661

    Bhí aisíocaíocht €220,096 i gceist le gnó eile a ndearnadh leachtú air agus bhí an tÚdarás ag glacadh leis i gcás an chomhlachta sin freisin nach bhfaighidh siad “aon airgead”.

  7. #1681103

    Chuaigh an teachtaireacht amach go láidir gur mór le muintir na hÉireann fós an aíocht agus an talmhaíocht agus an asarlaíocht agus an aisíocaíocht agus an anabaíocht ...

  8. #1720926

    A mhalairt ar fad a bhí i gceist i gcás Dhlíthe na mBreithiúna, an seanchóras dlí in Éirinn, nuair a bhí an bhéim ar aisíocaíocht don íospartach.

  9. #263552

    Tabharfar aisíocaíocht €100 do gach líon tí a chláraíonn leis an Roinn Coimirice Sóisialaí.  Is cosúil freisin go ngearrfar pionós ar dhaoine nach n-íocann na táillí uisce.

  10. #268875

    Tá os cionn 160,000 custaiméir ar díoladh árachas um chosaint cárta creidmheasa leo go mícheart chun idir 100 agus 200 euro d’aisíocaíocht a fháil ó scéim nua a bhunaigh an Banc Ceannais.

  11. #901504

    D’fhéadfadh go mbeadh impleachtaí móra ag baint le cinneadh an lae inniu ó thaobh na polaitíochta de in Éirinn freisin, go háirithe má dhéanann an Rialtas iarracht gan glacadh leis an aisíocaíocht tráth a bhfuil pinginí fós gann sa státchiste.

  12. #902721

    Bhí an Taoiseach ag caint le linn díospóireacht sa Dáil faoi chinneadh an Rialtais achomharc a dhéanamh maidir le rialú Choimisiún an Aontais Eorpaigh go gcaithfidh Éire €13 billiún a lorg ón ollchomhlacht Apple in aisíocaíocht chánach.

  13. #920545

    Dúirt an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí gur faoi Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus/nó faoi Údarás na Gaeltachta atá sé “na bearta cuí a dhéanamh” chun na suimeanna airgid atá i gceist a aisghabháil toisc nach bhfuil aon aisíocaíocht déanta i leith na gcostas a d’éiligh an Seanadóir Ó Domhnaill.

  14. #998663

    Tá bliain iomlán ag páirtithe an chomhrialtais leis na vótóirí a mhealladh ar ais agus beidh taisceadán airgid ar fáil chuige sin – go háirithe má dhíoltar Aer Lingus agus má bhaintear aisíocaíocht as Banc Aontais Éireann.

    Sos beag ag an Rialtas – Seán Ó Héalaí

  15. #1294567

    Tá an Taoiseach ag iarraidh aisíocaíocht iomlán a thabhairt don phobal, a dar leis an Aire Donohoe.  Dúirt sé go raibh an rialtas ag súil nach mbeadh iomlán a mbuiséad caite ag na ranna rialtais ó thaobh caiteachais chaiptiúil de, agus go mbeadh suas le €300m ar fáil dá bharr.

  16. #1308738

    Tá trí eagraíocht charthanchta tagtha lena chéile chun feachtas a sheoladh do dhaoine gan dídean.  Tá siad ag iarraidh ar dhaoine an aisíocaíocht atá ag dul chuchu ó Uisce Éireann a thabhairt dos na carthanachtaí seachas glacadh leis iad fhéin.

  17. #1358651

    Is féidir chomh maith aisíocaíocht ar dheontas a lorg sa chás go gcuirtear togra ar ceal nó sa chás go dtiteann líon na ndaoine atá fostaithe sa ghnó faoi bhun an méid a bhí aontaithe leis an Údarás (i gcás deontas fostaíochta).

  18. #1532142

    Mar a tharla bhí amhras ag an am an mbeadh sé ar chumas an Bhainc aon aisíocaíocht a dhéanamh, agus ghlac formhór na sealbhóirí seo le híocaíocht laghdaithe 20%.  Ach dhiúltaigh cuid acu, ina measc an ciste airgeadais Xaia Investment ó Munich, glacadh leis an tairiscint sin, agus dhearbhaigh na cúirteanna go raibh siad i dteideal aisíoc a fháil.

  19. #1563013

    Cháin urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty aisíocaíocht €270 milliún le sealbhóirí bannaí sóisearacha mar chuid den phróiseas leachtaithe i mbanc Anglo Irish.  Dúirt sé gur feall ceart ar mhuintir na hÉireann é a fágadh le bille €35 billiún mar gheall ar Anglo Irish agus Irish Nationwide.

  20. #1810378

    Is faoin Rialtas atá sé a léiriú go bhfuil an Ghaeltacht tábhachtach agus gur fiú í a chosaint, a dúirt sé.  D'fhógair Coláiste Lurgan i gConamara go bhfuil cursaí 2020 curtha ar ceal agus gur féidir leis na scoláirí aisíocaíocht a fháil, an éarlais a aistriú go 2021 nó cursa ar líne a dhéanamh.

  21. #1810998

    Tá sé tugtha le fios ag Teachta Dála Shinn Féin i nDún na nGall Pearse Doherty go bhfuil deimhniú faighte aige ón Aire Oideachais Joe McHugh go bhfaighidh teaghlaigh aisíocaíocht ar tháillí busanna scoile ó tharla scoileanna na tíre a bheith dúnta.

  22. #1872302

    Baineann cuid mhór de na caillteanais seo, a dúradh, le haisíocaíochtaí morgáiste agus iasachtaí eile a chur ar fionraí.  Dúradh gur chuir Banc na hÉireann 105,000 aisíocaíocht ar fionraí in Éirinn agus sa Bhreatain ó thús na géarchéime sláinte.

  23. #263587

    Tuigtear go bhfuil sé i gceist €160 sa bhliain a ghearradh ar líon tí a bhfuil duine fásta amháin ann, agus €260 ar gach cineál lín tí eile. Tabharfar aisíocaíocht €100 do gach líon tí a chláraíonn leis an Roinn Coimirice Sóisialaí.  Beidh feidhm leis an socrú seo go dtí deireadh na bliana 2018, agus is féidir go ndaingneofar uastáillí uisce sa dlí ina dhiaidh sin.   Tuigtear nach ngearrfar táillí uisce ar theaghlaigh go dtí an Athbhliain agus nach gcuirfear na chéad bhillí amach go dtí mí Aibreáin seo chugainn.  Is cosúil freisin go ngearrfar pionós ar dhaoine nach n-íocann na táillí uisce.

  24. #1896543

    Aisíocaíocht 8 milliún euro Tá an seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le ceist a chur sa Seanad inniu faoi cén chaoi go chuir an An Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta cuid mhaith do 8 milliúi euro ar ais i gciste an stáit anuraidh nár chaith siad Teastaíonn soiléiriú ón Seanadóir faoi cén chaoi go bhfuil tograí fágtha gan aon mhaoiniú i bhfianaise go raibh airgead breise agus sábháiltí déanta ag an Roinn.