Gaois

Search mode

Filter results

Collections

19 results in 19 documents

  1. #1019723

    Faigheann na teifigh blas ar an daonlathas, rud a ceileadh orthu ina dtíortha dúchais: Angóla, Sierra Leon, An Congó, An Nigéir, Eritrea, An tSiombáib.

    Ag cosaint chearta an teifigh – Heilean Rosenstock-Armie

  2. #1057623

    Pléitear leis an gcogaíocht nua-aimseartha anseo, coimhlintí éagsúla Domhanda, An Chóiré, Suais, An Congó agus An Iúgsláiv, Ról na Meán agus Todhchaí na Síochána, má tá todhchaí i ndán di.

  3. #1724472

    Bíonn siad amhlaidh i gcónaí, ar ndóigh, ag troid ar nós dream Ghurkha i dtíortha gur chuma leo saoirse nó beatha daoine in Angola, an Congó, Vítneam srl.

  4. #1742922

    Má théann tú go dtí an Congó, má théann tú go Darfur agus an tSúdáin, má théann tú go Gaza, tá ag teip orainn go fóill.

  5. #1023181

    An cogadh cathartha: b’fhéidir gurb ait le daoine é seo a lua beag ná mór toisc gur fhág sé scáil chomh dorcha sin ar pholaitíocht na tíre ar feadh na nglún, ach sodar breá bog a bhí ann suas is anuas le cogaí cathartha tíortha eile – abair sa Rúis 1917-23, sa Spáinn 1936-9, Nicearagua 1970-90, Sri Lanka le cúpla bliain anuas, an Congó agus An tSiria faoi láthair, agus ar aghaidh leat.

    Tá ábhar mórtais againn mar phobal – Alan Titley

  6. #1031564

    Seachas, gan amhras, ar an Maróic, an Ailgéir, an Éigipt, an tSiria, an tSúdáin, an Iordáin, an Liobóin, an Afganastáin, an Iaráic, An Nigéir, Mali, an Cote d’Ivoir, an Congó, Vítneam, Laos, an Chambóid, an India, agus abraimis chomh maith, Burkina Faso, an Chéinia, Namibia, an Afraic Theas, agus an tSín chomh maith, gan trácht ar an Tiobóid, Libia, Angola, an Bhotsuáin, Sead, Sierre Leone, Sri Lanka, an Téalainn agus cúpla ceann eile a bhfuil dearmad déanta agam orthu nó a bhfuilim róleisciúil d’fhonn féachaint arís ar léarscáil an domhain.

    An bhréag mhór – Alan Titley

  7. #1600965

    An Congó san Afraic is fearr a tháinig as an gcrannchur i mbliana mar bhí beagnach 5,000 duine as an tír sin buacach san gcrannchur.  An Albáin is fearr a chruthaigh san Eoraip agus bhí 3,600 acu.  Bhí 3,300 ag an Úcráin agus 2,700 ag an Tuirc.  Níor éirigh ach le 19 as Poblacht na hÉireann agus le 13 as an Tuaisceart.

  8. #1703303

    Agus de réir fianaise a tugadh os comhair Chomhdháil na Stát Aontaithe sa bhliain 2001 le linn éisteachta a bhain le hoibríochtaí rúnda san Afraic, bhí baint mhór ag Templesman leis an éagobhsaíocht atá i gceist i dtíortha éagsúla ar fud na hAfraice ó thús na gcaogaidí ar aghaidh – Ruanda agus an Congó ina measc.