#490368
Le tamall anuas tá roinnt tíortha san Afraic ag bogadh i dtreo an Bhéarla – mar shampla chuir Ruanda agus an Ghabúin an Béarla in áit teanga eile choilínithe, an Fhraincis, ina gcórais siúd le déanaí – ach tá dóchas sa Tansáin go rachaidh baint an Bhéarla dá gcóras oideachais féin chun sochair do mheanma na tíre.