#2025553
San staidéar is deirní a deir sé cuireadh tástáil PCR agus tástáil antaigin ar dhaoine gan comharthaí agus níor aimsigh an tástáil antaigin ach 52% de na cásanna deimhneacha.
San staidéar is deirní a deir sé cuireadh tástáil PCR agus tástáil antaigin ar dhaoine gan comharthaí agus níor aimsigh an tástáil antaigin ach 52% de na cásanna deimhneacha.
An t-aon fhreagra a bhí ag an Rialtas air seo ná, má dhéantar fóirdheontú ar thástálacha antaigin, sin airgead nach bhfuil á chaitheamh ar altraí na tíre.
Tá easpa fianaise fós ann a léireodh gur cheart mear-thástáil antaigin a úsáid le gníomhaíochta ar leith a cheadú a deir an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan.
I gcásanna den tsaghas sin a deir sé, is tacú maith é mear-thástáil antaigin i gcuideachta tástáil PCR.
Bhí sé luaite i gcáipéis an rialtais ar fhilleadh dhaltaí ar scoileanna na tíre an tseachtain seo caite go mbeadh tástálacha antaigin i measc na ngníomhartha a chuirfí ar bun le sábháilteacht na ndaltaí agus na n-oidí a dheimhniú.
Ag labhairt os comhair an Choiste Oireachtais Iompair agus Cumarsáide a bhí an Dr Holohan a thug le fios go bhfuil NPHET, an Meitheal Éigeandála Sláinte Poiblí atá faoina stiúir, 'lán-tsásta' tástáil antaigin a cheadú i gcásanna áirid, i láthaireacha ard-riosca ar nós ionaid próiseála feola mar shampla.
Luaigh an Príomhoifigeach Leighis taighde ón WHO agus ó Lár-Ionad Srianú Galair na hEorpa (an ECDC) a léiríonn go bhfuil an tástáil antaigin go maith ag aimsiú cásanna i ndaoine a bhfuil comharthaí sóirt an víris orthu, ach nach féidir braith chomh mór air i gcás daoine gan comharthaí.