#174584
Rópa an Apartheid
Rópa an Apartheid
Fiú san Afraic Theas, níor tharla a leithéid nuair a tháinig deireadh leis an gcóras apartheid.
Saghas apartheid a bheadh ann sinn a scarúint óna chéile.
Tugann siad ‘economic apartheid’ ar an mbealach a dtugtar mórchuid d’airgead an Stáit don Oirthear.
Ba ghránna agus ba uafásach an rud é an cinedheighilt, nó apartheid.
Bhí deighilt, ní mór ná go bhféadfá apartheid a thabhairt air, idir an dá dhream.
Sa bhliain 1996, chuir an rialtas iar-Apartheid san Afraic Theas fiosrúchán cúirte ar bun a chruthaigh gur úsáid an rialtas Apartheid brabús a tuilleadh as díol eabhair agus acmhainní eile póitseáilte mar fhoinse maoinithe le tíortha máguaird a dhíchobhsú, cogaí inar maraíodh thart ar 1.5 milliún duine.
'Rópa an Apartheid' a ghlaonn muintir na mbruachbhailte bochta ar na rópaí fada timpeall ar na blocos a scarann saibhir ó dhaibhir.
Bhí cainteoirí Afracáinise de shliocht measctha páirteach sa troid i gcoinne Apartheid agus beartais eile den saghas céanna a bhí ann roimhe sin.
Tháinig borradh faoin litríocht, agus le linn Apartheid bhí scríbhneoirí Afracáinise orthu siúd ba mhó a chuir in aghaidh bheartais an rialtais.
Orthu sin tá Adam Small, duine de shliocht measctha a bhfuil baint aige leis an ‘Black Consciousness Movement’ (Die Swart Bewussynsbeweging) agus cuntas tugtha aige ar shaol a leithéidí le linn Apartheid.
Ach ní mór cuimhneamh go raibh an-chuid daoine measctha i bhfábhar Apartheid – breathnaíodh ar dhaoine measctha mar chuid den aicme leatromach a bhí ag cur daoine gorma faoi chois.
Toisc go bhfuil córais cosúil le córas an apartheid fós i bhfeidhm ar fud an Iarthair, ó na Stáit Aontaithe go dtí an Bhrasaíl, ón Ísiltír go hÉirinn féin.
B’fhéidir go bhfuil deireadh leis an gcoilíneachas ach tá apartheid teanga fós in áiteanna ar nós Phoblacht na Seineagáile.
Faoin chóras apartheid bhí oideachas trí mheán na teanga máthartha éigeantach i gcás na nAfracach, polasaí a raibh an pobal sin go láidir ina choinne.
Is dócha gurb é an moladh is mó a bheadh agam ná sórt Apartheid Gaelach a chur ar bun.
Chuir an British Academy in iúl go raibh imní orthu faoin ‘apartheid’ a bhí ag fás i bhfoghlaim teangacha sna scoileanna.
Nach ar mhaithe leis an Afraic Theas a bhí na baghcait idirnáisiúnta a cuireadh i bhfeidhm nuair a bhí réimeas an apartheid i bhfeidhm sa tír sin?
In 1975, cloiseadh faoi rás san Afraic Theas, ach bhí baghcat á dhéanamh ag an eagraíocht idirnáisiúnta rothaíochta ar an tír mar gheall ar apartheid.
Nuair a d’éirigh leis an ANC deireadh a chur le apartheid chuaigh siad i gceannas ar an tír cionn is gurbh iadsan an dream is mó.
Scríobhadh in alt a foilsíodh in Comhar i 1952 nach raibh ann ach ‘ceist aimsire go dtí go dtiocfaidh an fear gorm in uachtar ar fhaid na hAfraice.' Bhí na fir ghorma i mbun agóide i Sharpville, i gcoinne deighilte agus in éadan an chórais Apartheid nó cinedheighilte a bhí faoi réim ag an am.
Ba chóras é Apartheid a chinntigh nach raibh ‘cearta ná ceannas ar bith á thabhairt do na daoine gorma a chuirfeadh ar aon leibhéal iad leis na hEorpaigh.’ Is cinnte gur spreag an eachtra i Sharpville plé ar chúrsaí ciníochais anseo in Éirinn.
San aois sin d’fhág dúire agus foréigean bheartas an Apartheid smál uirthi agus í mar theanga dhúchais ag baicle náisiúnaithe a raibh rún acu na gormáin a choinneáil faoi chois san Afraic Theas.
Theip ar an Apartheid de bharr dhásacht an phobail ghoirm agus déine na smachtbhannaí, ach is minic nach dtuigtear fós gur teanga í an Afracáinis a bhí á labhairt riamh ag pobal mór neamhbhán – na Bruinmense (‘Coloureds’), dream de shliocht an-mheasctha.
Ba é páipéar oifigiúil an Pháirtí Náisiúnta (páirtí mór Apartheid) é tráth, ach sa bhliain 1990 dúirt an t-eagarthóir Ebbe Dommisse leis an bpáirtí nach labhródh an páipéar ar a shon feasta.
Bhí go leor saoirsí ag daoine measctha le linn Apartheid nach raibh ag daoine gorma, agus bhí eagla ar dhaoine measctha nach gcaithfí chomh maith leo faoi riail an tromlaigh (faoi riail na ndaoine gorma go bunúsach).
Sa chaint a thug Deirdre, agus í ag glacadh an bhoinn ó Cholm Ó Snodaigh, le linn ócáid an bhronnta i gClub an Chonartha, rinne sí tagairt don ‘apartheid’ leanúnach a chothaítear sna meáin Bhéarla sa tír seo in éadan an Domhain Ghaelaigh: ní hann don Ghaeilge, dar leo!
Is minic scríbhneoirí Béarla agus Gaeilge ar aon ardán na laethanta seo - i bhfad níos minice ná, abair, 40 bliain ó shin nuair a bhí saghas apartheid cultúrtha i réim, a scríobhann Gabriel Rosenstock.
Bhain cuid de sin leis an apartheid neamhscríofa a bhain le cumainn, le ceantair, le scoileanna, le gnás; ach bhain chomh maith leis na béasa bunaidh atá sa chuid is mó againn fós – in ainneoin na staire go minic.
Bhí sí buartha go mbeadh cineál ‘apartheid’ ar bun dá mbeadh daoine, iad siúd nach bhfuil Gaeilge acu, á gcoiméad amach as na ceantair ‘Ghaeltachta.’ Mhol Neasa tionscnaimh atá dírithe ar chaomhú na Gaeilge cosúil leis an scéim atá ar bun sa Chatálóin.
Fad is a bhíos ag feitheamh le servees, tacsaithe ollmhóra a úsáideann mórchuid na bPalaistíneach, a thabharfadh chomh fada mé le ‘Balla na Cinedheighilte’, ‘The Apartheid Wall’ mar a thug na Palaistínigh air, ‘An Claí Cosanta’, mar a thug rialtas Ehud Olmert air, machnaíos ar fhealsúnacht Theodar Herzl.
Tá ráite ag Uachtarán an INTO, John Boyle go bhfuil ‘educational apartheid’ ar bun i gcoinne scoileanna Gaeltachta agus eile ar oileáin na hÉireann agus gur chóir an liúntas Gaeltachta do mhúinteoirí a thabhairt ar ais láithreach.
“Nuair a d’éiligh Peadar [O’Donnell] go mbeadh oideachas saor in aisce ar fáil do ghasúir suas go 15 bliain d’aois, ní dóigh liom gur cheap sé go mbeadh ‘apartheid oideachais’ ar bun i gcóras oideachais na hÉireann céad bliain ar aghaidh.
Níl aon tagairt sa leabhar iomlán (de bheagnach 800 leathanach) don AAA, an Anti-Apartheid Association a bhí níos eagraithe agus níos éifeachtaí an tráth sin in Éirinn ná mar a bhí aon áit eile: nó ba é sin a dúradh liom ag an am.
Ar an chéad dul síos, tá taithí ag na daoine ag seasamh in aghaidh na héagóra agus má throid siad ar na sráideanna in aghaidh apartheid, troidfidh siad in aghaidh aon dream a choinneodh faoi chois iad.
Sa bhliain 1993, d’eisigh an tAturnae Dúiche i San Francisco 700 leathanach de dhoiciméid ag lua an ADL le spiaireacht ar 10,000 Meiriceánach agus 600 eagraíochtaí a bhí in aghaidh Apartheid san Afraic Theas agus polasaithe Iosrael sa chríoch Phailistíneach faoi fhorghabháil, agus an t-eolas fúthu a thabhairt do na rialtais sin.
Thug stiúrthóir an ADL, Abraham Foxman, “frith-Sheimiteach” ar iar-Uachtarán *SAM Jimmy Carter* nuair a foilsíodh a leabhar, Palestine: Peace Not Apartheid, i 2006, cé go ndearna Carter go leor le síocháin a thabhairt d’Iosrael agus é sa Teach Bán.
Bhí áiteanna mar na dúnfoirt in Iarthar na hAfraice óna gcuirtí sclábhaithe chuig tíortha eile feicthe agam, mar aon le Apartheid Museum na hAfraice Theas, ach ceapaim go bhfuil uafás ar leith ag baint le Auschwitz, b’fhéidir mar gheall go dtuigeann muid chomh millteanach is a bhí na polasaithe a bhain leis na campaí seo.
“*Irish Speakers a Social and Educational Elite - Report*,” a mhaígh *The Irish Times* amhail is go raibh cruthúntas acadúil ar fáil faoi dheireadh chun fírinniú a dhéanamh ar an tuairim a nocht a gcuid colúnaithe Kate Holmquist agus Sarah Carey corradh le bliain roimhe sin faoin “*language of educational apartheid*.” Ní raibh aon neart ar ndóigh, ag údair na turascála (ó Ollscoil Uladh agus Ollscoil Luimnigh) ar an cheannlíne úd agus thiocfadh le fo-eagarthóireacht níba thomhaiste é a chur i láthair níos cruinne: “*Bilingual People Have a Social and Educational Advantage - Report*.” B’iad na húdair, áfach, a roghnaigh “*linguistic elite*” a lua i dteideal dá bpáipéir seachas “*linguistic advantage*” nuair a foilsíodh é in “*The Economic and Social Review*, Eagrán 40, Uimhir.
Foclóir na seachtaine seo aeráid - climate; buaicam - primetime; buntáiste - advantage; cinedheighilt teangeolaíochta – linguistic apartheid; coimeádach - conservative; déabhlóid - devolution; digiteach - digital; fabhrach - favourable; íoróin - irony; léiritheoir - producer; méadú - growth; suntasach - significant