Gaois

Search mode

Filter results

Collections

1 result in 1 document

  1. #619548

    Díríonn dánta áirithe ar ócáidí ar leith a spreagann comhbhá nó a éilíonn scrúdú coinsiasa, ach a dtagann fonn cosanta na máthar idir í agus aon ghníomh radacach arson idéal an chirt.Scata radharcanna atá sa dán ‘Gníomhartha corpartha na trócaire’, spléachadh ar ócáidí carthanachta ar dtús: cuairt‘ar thuairisc na seanamhná san óspaidéal’ agus déirc á dáileadh ar ‘an bheirt leanbh crapaithe ar chlár an droichid / Gorm ón bhfuacht’; agus ansin tagairt don bhean chomharsan a chaill a mac i dtimpiste agus a mbítear ag teitheadh roimpi mar go bhfuil a bris rómhór agus go bhfuil eagla ar an máthair (arb í pearsa an dáin í) go ndéanfar dochar dá clann féin.