Gaois

Search mode

Filter results

Collections

62 results in 55 documents

  1. #1652758

    Tugann sí orainn an saol a athmhúnlú is a thuiscint as an nua, dá réir.

  2. #1964527

    Ba léir sin sna deacrachtaí a bhain le haontú ar athmhúnlú Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge ó 2010 go 2016, agus tá a mhacasamhail de dhíospóireachtaí agus léiriú ar easpa údaráis in athmhúnlú chaighdeán na Gearmáinise, na Fraincise agus teangacha eile le tamall de bhlianta anois.

  3. #1068991

    D’fhéadfaí fáidh a shainmhíniú mar chomhfhios mistiúil ina dtéann an ‘t-eispéireas aonadach’ thar maoil, de ghnáth, agus lorgaíonn slite chun fórsaí na beatha comhchoitianta a atreorú nó a athmhúnlú.

  4. #1109894

    Athmhúnlú ar bhunsaothar Miron is ea an mheitheal seo de dhuine agus daichead de bhanfhilí ó chúlraí agus ó aoiseanna éagsúla, ach arb as an bproibhinse francafóin dóibh ar fad.

  5. #1627170

    Níor chreid sé gur cheart droim láimhe a thabhairt leis an traidisiún scéalaíochta agus aithriseoireachta, agus thuairimigh go bhféadfaí gnéithe de na healaíona béil a athmhúnlú do stáitse a linne (127).

  6. #1804452

    Is gléas seachráin é an t-idirlíon thar aon ní agus tá sé dár dtabhairt i dtreo nua: tá sé ag athmhúnlú ár n-aigní.

  7. #357350

    Beidh anáil á fhágaint acu, chomh maith, ar an ndíospóireacht faoi athmhúnlú na craoibhe sinsear peile atá le bheith ag Ard-Chomhairle CLG an deireadh seachtaine seo agus b’fhéidir, b’fhéidir, b’fhéidir i bhfad aimsire go mbeidh cothromaíocht, ciall agus cearta imreoirí club sa treis i ngach gníomh.

  8. #743935

    Díreach mar a d’athchruthaigh Titley beatha agus meon an fhile mheánaoisigh, Muireadhach Albanach Ó Dálaigh, ina leabhar rathúil An Fear Dána (1993) trí staidéar cruthaitheach a athmhúnlú i saothar stairiúil liteartha, is amhlaidh anois go bhfuil an beart ceannann céanna curtha i gcrích aige arís ach an uair seo i bhfoirm fhileata ghonta agus i dteanga dhúchais na mná cúisithe féin – teanga na Gaeilge.

  9. #774145

    Ní leasc le Ní Dhomhnaill athmhúnlú greannmhar a dhéanamh ar shamhlaoidí reiligiúnacha agus eaglasta i ndánta ar nós ‘Aingeal an Tiarna’ (DD: 46), ‘An Cuairteoir’ (DD: 87) agus ‘Manach’ (DD: 96) le hamhras a chaitheamh ar ghnéithe de theagasc na hEaglaise Caitlicí, gnéithe a bhaineann le cúrsaí geanmnaíochta agus aontumha.

  10. #811257

    Tá siad siúd freisin idir dhá chultúr, ach caitheann siad a bhfuinneamh samhlaíoch go minic ní leis na straitéisí cruthaitheacha aithrise agus scigaithrise a shamhlaíonn Homi Bhabha mar ghnéithe dílse den dioscúrsa liteartha iarchoilíneach (straitéisí a fhéachann le húdarás an dioscúrsa cheannasaigh a threascairt trí sheilbh a ghlacadh ar theanga an dioscúrsa sin agus é a athmhúnlú chun do chríche féin), ach le straitéisí cosanta agus athshealbhaithe arb é is cuspóir dóibh bealach éalaithe a chruthú ó údarás cultúrtha na mórtheanga.

  11. #849918

    Ba é seo an bua ba mhó a léirigh MacLysaght lena linn: a chumas é féin a athmhúnlú mar Éireannach Gaelach den chéad scoth nuair a d’oir sé dó, ach a bhí in ann maireachtáil go sona taobh amuigh den sochaí chúng Éireannach nuair a chuaigh sé ró-dheacair air chomh maith, an seal a chaith sé san Afraic Theas, mar shampla.

  12. #872467

    Is minic a shamhlaítear simplíocht chúlchéimnitheach leis an oidhreacht thraidisiúnta seo i saol poiblí na tíre, faraor, ach solaíd iontach is ea an gearrscannán seo a léiríonn an poitéinseal radacach treascrach atá ag an oidhreacht Ghaleach, agus a thaispeánann an tslí inar féidir le pobal na Gaeilge athmhúnlú agus trasfhoirmiú a dhéanamh uirthi d’fhonn allagar freasúrach ceistitheach a chothú i ndioscúrsa poiblí na tíre.

  13. #876719

    Mar chosaint ar an ionsaí a deineadh ar a cháil, d’fhéadfá a rá gur chúb an Searcach isteach ann féin, ach ní teitheadh ab ea é sin ach a anam is a dhúchas mar fhile agus mar Ghael a athaimsiú agus a athmhúnlú.

  14. #1300529

    Ní fhéadfainn a rá go raibh eachtra ar leith ann a chuaigh i bhfeidhm orm thar aon eachtra eile, ná ní fhéadfainn a mhaíomh ach an oiread go raibh iarracht ar bun ag mná na hÍsiltíre d’aon ghnó ag an am sin chun inchinn bhuachaillí óga a athmhúnlú.

  15. #1338638

    Ba é seo an ceirnín ba ríméadaí a chualas-sa sna clubanna i mbliana.  Cruthaithe as seancheirnín dioscó as Nua-Eabhrac na n-ochtóidí luatha, dhein na léiritheoirí an fhoinse cheoil a athmhúnlú as an nua, le héifeachtaí stiúideo comhaimseartha a spreag na mílte againn na maidí rámha a scaoileadh le sruth ar urláir rince na cruinne le cúpla ráithe anuas.