#504833
Tá an baineannach agus an fireannach díreach mar an gcéanna.
Tá an baineannach agus an fireannach díreach mar an gcéanna.
Níl an baineannach chomh dathúil leis, ach seachas sin tá sí díreach mar an gcéanna.
Tá an fireannach dubh le gob oráiste agus tá an baineannach donn le gob dorcha.
Ní raibh aontsúil le baineannach.
Fireannach agus baineannach san iarthar, agus baineannach sa deisceart atá sa triúr sin. Is oibrithe cúraim sláinte iad an bheirt eile - bean sa deisceart a bhí ag obair in ospidéal agus bean san oirthear. Tá 34 cás den choróinvíreas deimhnithe i bPoblacht na hÉireann agus sé cinn déag sa Tuaisceart.
‘…dís fireannach, triúr baineannach, beirt leanbh cíche, triúr páistí, dhá mhadadh allta, cúig fhrancach…’
Bhíodh cliché pictiúrtha ann – b’fhéidir nach bhfuil sé chomh coitianta sin a thuilleadh – cliché a bhain le híomhá an leabharlannaí; baineannach, de ghnáth, spéaclaí uirthi, blús olla, nó cairdeagan.
Tá an baineannach liath ach is féidir í a aithint ar na sciatháin – cosúil leis an fhireannach, tá siad dubh le marcanna bána orthu.
Sa rann deireanach den dán seo deir sé go bhfuil taobh baineannach den fhile leis ann, ach ní haon dea-scéal aige é sin.
Is é sin le rá, go dtuigtear do Ní Dhomhnaill go gcomhlánaíonn an fireannach agus an baineannach a chéile, go fisiciúil agus i réimsí na sícé.
Déanann an baineannach mórfhiosrú ar na neadacha atá tógtha aige, agus roghnaíonn sí an nead is fearr léi féin.
Scaip 40 garda lánarmtha Fionlannach 30 baineannach agus leanbh Roma as campa dá gcuid an tseachtain seo thart, agus gan gíocs as cách a raibh tithe acu.
Níor fhéad an Ríordánach an banfhile a shainiú gan fráma tagartha patrarcach a úsáid; ‘Fireannach baineann nó baineannach fireann’.
Ní raibh a fhios agam ar feadh i bhfad ar fireannach nó baineannach a bhí agam nó gur chas an phéic fabhartáin nó an chleith stiúrtha a bhí i mbun a ghiota agus gur shlóchtaigh a ghlór.
Bhí a fhios agam ansin gur bardal a bhí ann agus bhaist mé Murcha mar ainm air, agus bhí a sheacht n-oiread ríméid agam as an bhfireannach bocht a bhí ina Oisín i ndiaidh na Féinne ná dá mba baineannach a bheadh agam.
An baineannach taobh leis agus í ag gol go faíoch, a corp ar fad ar ballchrith
Mar eiseamláir, má tá siad ag baineannach, comhshamhlaíonn an úsáid sin í le formhór na mbaineannach óg ar thaobh amháin, ach ar an taobh eile difreálann sé í ó na fireannaigh agus ó na baineannaigh a bhfuil dur acu.
Cuireann an saghas seo machnaimh i leith na .líochta tuairim Sheáin Uí Ríordáin i gcuimhne dúinn, is é sin gur rud baineannach an fhilíocht agus mar sin go gcaithfeadh an .le a bheith ina fhear – nach bhféadfadh bean a bheith ina .le dá réir.
Tá cuid díobh scríofa sa tríú pearsa uathu agus is baineannach í an phearsa sin i gcónaí: ‘An Mhurúch agus Focail Áirithe’, ‘Bás agus Aiséirí na Murúiche’, ‘An Mhurúch agus an Sagart Paróiste’, ‘An Mhurúch is a Tigh’, ‘An Mhurúch is a hIníon’ etc.
Os a choinne sin bíonn lucht an fhorcheartais ag cur an Bhéarla as a ríocht i gcónaí, ag ‘ceartú’ foirmeacha seanbhunaithe mar ‘forty foot’ (seanghinideach iolra); ‘anyone with their head screwed on (foirm chiallmhar ó na meanaoiseanna an ‘their’ sin nuair is fireannach agus baineannach le chéile atá i gceist; ‘it is me’ a mbíonn an ghomh ag máistreásaí scoile chuige, ainneoin an nath Fraincise mar rabhadh acu ‘c’est moi’, mar ní bheadh aon Fhrancach chomh hamaideach le ‘c’est je’ a rá.
Léamh fáthchiallach is ceart a dhéanamh ar a éirim sa mhéid gurb í Éire an baineannach agus í ag trácht ar chabhair a ghluaiseacht thar sáile a chuirfidh deireadh leis an anriail san tír.
Fireannach agus baineannach in oirthear na tíre atá sa bheirt eile. Baineann trí chás eile le daoine a raibh cuimilt acu le daoine a bhfuil an víreas orthu cheana féin.
Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go mbaineann sé cinn de na cásanna nua le taisteal as réigiún atá buailte ag an gcóróinvíreas agus go mbaineann na trí cinn eile le daoine a raibh cuimilt acu le daoine a bhfuil an víreas orthu cheana féin. Cúigear fireannach i ndeisceart na tíre, triúr fireannach san oirthear agus baineannach sa deisceart atá sna cásanna is deireanaí seo. Tá 43 cás den choróinvíreas deimhnithe anois i bPoblacht na hÉireann agus ocht gcinn déag sa Tuaisceart.
Dúirt Príomh-Oifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Dr Colm Mac Éinrí gur féidir go gcaithfear tuilleadh dianbheartas a chur i bhfeidhm sa tír seo le dul i ngleic le forleathadh an choróinvíris agus an ghalair Covid-19. Dhearbhaigh an Fheidhmeannacht aréir go bhfuil 74 cás nua de Covid-19 sa Phoblacht agus gur 45 fireannach agus 29 baineannach atá i gceist. Dearbhaíodh gur thóg 60 den 74 an víreas ó dhaoine eile sa phobal ach nach bhfuil a fhios go baileach cé uaidh. Thug an Dr Mac Éinrí le fios gur údar imní atá sa mhéid seo, ach go háirithe, mar go bhfuil sé fíorthábhachtach foinsí an víris a aithint. Dúirt sé go bhfuil 5,000 leaba géarchúraim le cur ar fáil ach, mar sin féin, nach bhféadfadh an tseirbhís sláinte is fearr ar domhan dul i ngleic leis an éigeandáil is measa ar fad. Tá sé ráite ag saineolaithe leighis roimhe seo gurbh fhéidir go mbeadh 15,000 cás den ghalar sa tír seo faoi dheireadh na míosa. Tá 366 cás de Covid-19 deimhnithe sa Phoblacht agus 68 sa Tuaisceart.