#1032153
Is cuimhin liom gur chuir duine éigin ceist orm uair amháin, cén fhaid a bhí caite agam mar iriseoir Gaeilge agus bhraitheas nárbh aon oidhre orm ach an peileadóir Meiriceánach ar cuireadh ceist air tráth: “How long have you been a black quarter-back?” Ach pribhléid ab ea é dáiríre ag an “ginger-haired country cousin” áirithe seo bheith ábalta slí bheatha a thuilleamh as iriseoireacht chlóite na Gaeilge agus é sin a dhéanamh i dteannta daoine chomh cumasach leis an meitheal a bhí ag obair go lánaimseartha agus go páirtaimseartha do Foinse.