#262623
Dúradh i gCúirt Chuarda Dhún na nGall gur mhaígh Michael Cavanagh gur 59 tonna bolmán a bhí tugtha ar an bport sna Cealla Beaga aige, cé gur léirigh cáipéisí díolacháin gur 60 tonna bolmán agus 130 tonna ronnach a bhí i gceist. Mhaígh Brendan Gill gur 75 tonna bolmán a bhí tugtha i dtír aigesean, cé gur léirigh na cáipéisí gur 210 tonna bolmán agus 50 tonna ronnach a bhí i gceist. Tá dáréag fostaithe ag an mbeirt fhear agus d'iarr a ndlíodóirí ar an mBreitheamh Keenan Johnson gan fíneálacha móra a ghearradh orthu ar fhaitíos go gcuirfí na postanna sin i mbaol. Fíneáil €30,000 a ghearr an Breitheamh Johnson ar Michael Cavanagh agus €37,500 ar Brendan Gill.