#260692
Leanfaidh an ráta 9% cáin bhreisluacha sa tionscal turasóireachta i 2013.
Leanfaidh an ráta 9% cáin bhreisluacha sa tionscal turasóireachta i 2013.
Chuir cinneadh an rialtais cáin bhreisluacha a ghearradh ar bhróga do pháistí an lasóg sa bharrach.
Cáin bhreisluacha ar ‘leapacha gréine’ ó 13.5% go dtí 23%.
Measadh san am go gcosnódh an cuarbhóthar €444 milliún chomh maith le cáin bhreisluacha.
Níor gearradh cáin bhreisluacha ar vitimíní, óimige 3 agus 6 ná olaí éisc ón mbliain 1972.
Ó thús na míosa seo chugainn, gearrfar cáin bhreisluacha 23% ar na hearraí seo.
Táthar ag iarraidh freisin go laghdófaí cáin bhreisluacha ar alcól.
Ó 1 Eanáir, gearrfar táillí cosúil le Cáin Bhreisluacha ar earraí ón mBreatain.
Moltar cáin bhreisluacha a bhaint ó phaistí, ó ghuma agus ó tháirgí eile agus go gcuirfí teiripí athchurtha nicitín ar fáil saor in aisce.
D’fhiosraigh Scuaid Calaoise na nGardaí modhanna oibre Smailcbhia ag tús na n-ochtóidí siocair gur theip air tuairisceáin ÍMAT (íoc mar a thuillir) agus Cáin Bhreisluacha a chur isteach.
Sin ráiteas ó ré eile nár thuig brí na bhfocail nua: cumann foirgníochta, faoiseamh cánach, p.r.s.i., h.p., cáin bhreisluacha, creiseanna agus feighlí linbh.
I gcomhar le gach foilsitheoir sa tír gabhaimid buíochas leat as an gcinneadh a rinne tú sa cháinfhaisnéis maidir le CBL [Cáin bhreisluacha] ar leabhair.
Deir údair na tuarascála nach mbeidís i bhfabhar an ráta cáin bhreisluacha a ísliú ar fhaitíos go dtiocfadh ardú ar phraghas talún dá bharr.
Cáin bhreisluacha d’fhoilseacháin ar líne le gearradh ó 23% go dtí 9% – ar lá breithe Tuairisc.ie!
Gearrtar cáin bhreisluacha ar thicéid eitleáin sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil agus lear mór tíortha eile.
Cáin Bhreisluacha Tá an Teachta Dála Breandán Ó Grífín Fine Gael ó Chiarraí Theas, ag impí ar an Aire Airgeadais Michael Noonan go gcoimeádfadh sé an ráta cáin bhreisluacha ag 9% ar mhaithe le hearnáil na turasóireachta i gCiarrai agus ar fuaid na tíre. Dúirt an Teachta Ó Grífín gur mhaith leis go gcoimeádfaí an cháin ag an leibhéal seo sa todhchaí, mar go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil ag eirí lena leithéid fostaíocht a chruthú agus a choimeád i gCiarraí agus lasmuigh.
Cáin bhreisluacha Deir an tAire Stáit Mc Hugh gur cinneadh maith atá ann an ráta cáin bhreisluacha a fhágáil ag 9%.
Cáin bhreisluacha Rinneadh plé ar an tionchar diúltach atá ag an ráta méadaithe cáin bhreisluacha ar earnáil na turasóireachta i nDún na nGall, ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall an tseachtain seo.
Ó d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach ag tús na bliana, tá Cáin Bhreisluacha agus Dleacht Mháil á ngearradh ar earraí éagsúla.
Gearrfar Cáin Bhreisluacha feasta ar aon idirbheart os cionn €22 agus gearrfar Dleacht Mháil ar aon idirbheart os cionn €150.
€3,800 móide cáin bhreisluacha a d'íoc an tÚdarás leis an gcomhlacht New Graphic, atá lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath, chun an lógó nua a chur ar fáil dóibh.
Tá ar chumas chomhleacaithe Wallace sa Ghrúpa Teicniúil rún incháinte a chaitheamh ina choinnibh ó tháinig sé chun solais nár thug comhlacht dá chuid cuntas iomlán dos na Coimisinéirí Ioncaim faoin méid cáin bhreisluacha a bhí dlite.
Anois an t-am, a dúirt Angel Gurria le leasaithe sa gcóras cánach, leasa shóisialaigh agus sa gcóras fostaíochta a chur i bhfeidhm. D'fhéadfaí fostaíocht a chruthú dá n-ardófaí cáin bhreisluacha freisin a deir an eagraíocht.
Tugtar le fios i dtuarascáil nua a foilsíodh inniu nach bhfuil aon bhrabach tráchtála le déanamh ag lucht forbartha as árasáin a thógáil i gcathair Bhaile Átha Cliath. Árasáin a mbeadh sé d'acmhainn ag daoine ar mheánioncam iad a cheannach atá i gceist. Deir Cumann na Suirbhéirí Cairte in Éirinn gur leis an tógáil féin a bhaineann thart ar leath den chostas. Le cáin bhreisluacha agus táillí suímh a bhaineann an chuid eile, a deir siad.
Tá, mar shampla, ráta íslithe cáin bhreisluacha i bhfeidhm i gcás na nuachtán ach d’fhéadfaí é laghdú níos mó, nó go deimhin, deireadh a chur leis ar fad, mar is cosúil atá déanta i dtíortha eile.
Tuigtear do Nuacht RTÉ/TG4 go raibh imní ar an Roinn Airgeadais agus ar na Coimisinéirí Ioncaim go raibh táirgí a ndíol mar fhorlíonta bia - saor ó cháin - ach ar cheart go ngearrfaí cáin bhreisluacha orthu.
I measc na moltaí atá sa reachtaíocht, táthar ag iarraidh go mbeadh cead i gcónaí ag os cionn 60,000 comhlacht sa tír seo a bhíonn i mbun gnó le comhlachtaí sa Bhreatain cáin bhreisluacha a íoc ar earraí a iompórtáiltear gach dhá mhí.
Tá Éire ar cheann de na tíortha is measa go deimhin: tá sí ar cheann de cheithre bhallstát nach ngearrann cáin bhreisluacha ar thicéid eitiltí, gan trácht ar cháin ar bhreosla eitleáin ná cáin aerthaistil bhreise.
Deir an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP nach féidir leo tacú leis an socrú breatimeachta atá déanta idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach. I ráiteas ar maidin thug ceannaireacht an DUP le fios nach féidir leo tacú leis an méid atá molta maidir le cúrsaí custaim agus comhthola agus deir siad go bhfuil easpa soiléireachta ann maidir le cáin bhreisluacha. Níos déanaí inniu, tiocfaidh ceannairí an Aontais Eorpaigh le chéile sa Bhruiséil do chruinniú mullaigh.
Tuigtear gur éirigh leo teacht ar chomhaontú maidir le cúrsaí custaim agus cáin bhreisluacha. Dúirt Uachtarán an Choimsiún Eorpaigh Jean Claude Juncker go mbeidh sé ag moladh do cheannairí an Aontais Eorpaigh tacú leis an socrú nua.
Is cosúil go bhfuil an tAire Stáit i Roinn an Iompair, Dominique Bussereau, ag iarraidh an ráta cáin bhreisluacha a laghdú ar éadaí dá sórt sa chaoi is go mbeidh daoine in ann an trealamh ceart a bheith acu.
Dúnadh síos thart ar 3,000 caife/bialann sa chéad chuid den bhliain 2008 sa Fhrainc agus ní fheictear go gcabhraíonn an gearradh siar ar an ráta cáin bhreisluacha san earnáil, ó 19.6% go 5.5%, agus ísliú dá réir ar na praghsanna ar an mbiachlár le custaiméirí a mhealladh isteach sa bhialann arís.
Ach níl cothrom na Féinne i gceist, mar go bhfuil cáin agus Cáin Bhreisluacha ar an bhreosla don Chat Mara ach nach bhfuil cáin ar bith ann i gcás bhreosla na n-eitleán.
D'iarr sé ar an Rialtas Cáin Bhreisluacha agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa na bhfostóirí a laghdú agus deireadh a chur le rátaí tráchtála le go mbeidh bialanna in ann coinneáil ag imeacht nuair a bheas siad oscailte arís.
Tá Cumann Bhialanna na hÉireann ag iarraidh go laghdófaí cáin bhreisluacha i dtionscal na turasóireachta agus an fháilteachais ó 13.5% go dtí 5% le cuidiú le gnólachtaí teacht slán i bhfianaise ghéarchéim an choróinvíris.
Glacadh d'aon ghuth le moladh ón Chomhairleoir Micheal Naughton, atá ina bhainisteoir ar ghrúpa ostáin Mhic Eiteagáin i nDún na nGall, iarraidh ar an Aire Shane Ross an ráta cáin bhreisluacha don earnáil a laghdú ó 13.5% go 9%.
Níl aon chaint ar cháin ioncaim ná cáin bhreisluacha a ardú ach d’fhéadfadh go n-athrófaí an t-ioncam ag a mbeidh rátaí níos airde cánach i bhfeidhm agus a mbíonn an Muirear Sóisialta Uilíoch le híoc.
Dar leis go bhféadfaí an líon seo a laghdú ach ungadh gréine a bheith ar fáil ar phraghas níos saoire. 23% an ráta cáin bhreisluacha a ghearrtar ar ungadh gréine faoi láthair. Creideann Tim Lombard nár cheart caitheamh leis mar earra sóchais, áfach, mar gur táirge sláinte é i ndáiríre a thugann daoine slán ón mbás. Dúirt sé gur cailleadh a dheartháir féin le hailse chnis sa bhliain 2009 agus go gcreideann sé féin gur chóir an oiread agus is féidir a dhéanamh le dul i ngleic leis an "sciúirse" seo . Is féidir 90% de chásanna a leigheas, a dúirt sé freisin, ach an galar a aimsiú go luath.
Ar maidin dúirt an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP nach féidir leo tacú leis an Socrú Nua Breatimeachta. I ráiteas ar maidin, thug ceannaireacht an DUP le fios nach féidir leo tacú leis an méid atá molta maidir le cúrsaí custaim agus comhthola agus deir siad go bhfuil easpa soiléireachta ann maidir le cáin bhreisluacha. Tamaillín ó shin, dúirt an DUP go seasann an ráiteas a rinne siad ar maidin. Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go dtabharfadh an socrú nua cead don Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágaint ar bhealach a bhfuil ord i gceist leis. Socrú maith atá ann ó thaobh na tíre seo, a dúirt an Taoiseach, mar go ndeánann sé cinnte dho nach mbeidh aon teorainn chrua ar oileán na hÉireann.
Cuireadh tús le fiosrúchán nuair a fuarthas amach gurbh éigean obair struchtúra a dhéanamh gan choinne i dTeach Laighean mar go raibh an printéir rómhór le cur isteach ann. Chomh maith leis an €1.4 milliún a caitheadh ar an bprintéir, €260,000 a chosain an obair bhreise tógála, cáin bhreisluacha san áireamh. Dúirt Peter Finnegan go raibh sé sásta go raibh an obair riachtanach agus feiliúnach.
Cáin bhreisluacha Beidh impleachtaí móra ag an ardú ata déanta ag an rialtas ar an ráta cháin bhreis luacha san earnáil asóireachta agus fáilteachais ar óstáin, bhialanna agus an earnáil fáilteachais ina iomláine i nDún na nGall, a dúirt an Leas Cheann Comhairle, an Teachta Dala Pat the Cope Ó Gallachóir.
Ardú ó 7% go 8% do dhaoine ar ioncam os cionn €70,000, agus ardú ó 10% go 11% do dhaoine féinfhostaithe ar ioncam os cionn €100,000 - Laghdú ar an ráta cánach ioncaim is airde ó 41% go 40% - Creidmheas cánach de €100 ar bhille uisce suas le €500 - Fanfaidh an ráta cáin bhreisluacha sa tionscal turasóireachta ag 9% - Cuirfear an tobhach pinsin 0.6% ar ceal ag deireadh na bliana seo agus an tobach pinsin 0.15% ag deireadh 2015 - Ardú 40 ceint ar phraghas 20 toitín agus 20 ceint ar phúitse tobac - Ní bheidh aon athrú ar pheitreal, ar dhíosal ná ar alcól - Ardú €5 sa mhí ar shochar linbh - 25% breise ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus pinsin, seachtain na Nollag - Ardú go €9 sa tseachtain ar an liúntas maireachtála aonair do phinsinéirí agus do dhaoine faoi mhíchumas - Pacáiste sochair teaghlaigh (liúntais leictreachais, gáis srl.) le cur ar fáil do thuairim is 7,000 duine breise.