#907361
Thug sé aire do na cártaí leighis, an deól, pinsean, cúnamh sóisialta agus gach uile mhíle ní.
Thug sé aire do na cártaí leighis, an deól, pinsean, cúnamh sóisialta agus gach uile mhíle ní.
Mhínigh lucht Fhóram Chonamara ó thús go raibh cúrsaí láidre prionsabal i gceist sa gcás seo ó thaobh fhorbairt na tuaithe. Bhí siadsan ag riaradh cláir a bhí ar aon dul, a bheag nó a mhór, le SICAP ar feadh cúig bliana déag go dtí 2014. Sa gcuid sin de Chonamara atá taobh amuigh den Ghaeltacht, ba mhó a bhíodar ag gníomhú ach bhí cúraimí orthu freisin in Iorras Aithneach agus i nDúiche Sheoigheach. Cúnamh do dhaoine a bhí faoi mhíbhuntáiste a bhí i gceist, sin agus spreagadh a thabhairt d’iarrachtaí le postanna, caitheamh aimsire agus cúnamh sóisialta a thabhairt do dhaoine eile.