#1904221
Tá foireann dóiteán Inis Mór tugtha go hInis Meáin mar chuid don traénáil seo freisin Cúram príomhúil Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly nach bhfuil sí fhéin sásta leis an bhfógra a déanadh tráthnóna inné faoi na hionaid atá le tógáil i nGaillimh le cúram príomhúil a chur ar fáil. Níl caint ar bith ar cheantar Chnoc na Cathrach agus Sheantalamh i dtaobh na n-ionad atá le tógáil agus níl caint ar bith ach an oiread a deir Catherine Connolly ar iarthar an Chontae idir Bearna agus Carna. Tá limistéar mór nach bhfuil tugtha san áireamh ar chor ar bith ó thaobh na n-áiteacha seo a deir an Teachta Dála.Tá sí le ceist ardú sa Dáil inniu mar gheall ar na hionaid cúram príomhúil seo.