#590131
Tá an leabhar roinnte ina shé chaibidil, agus gnéithe éagsúla de scéal na himirce, mar a léirítear sa litríocht é, i gceist i ngach caibidil díobh: Caibidil a hAon: Tús Aistir (an cinneadh á dhéanamh agus ag ullmhú chun imeachta); Caibidil a Dó: Na Seolta á gCrochadh (An turas agus sroichint ceann scríbe: timpeallachtaí nua); Caibidil a Trí: Obair agus Luain (Cineálacha agus cúinsí fostaíochta); Caibidil a Ceathair: Comhluadar is Caitheamh Aimsire (Saol sóisialta an imirceora: deiseanna agus dúshláin); Caibidil a Cúig: Margadh na Saoire (An imirce shéasúrach agus imirce na bpáistí); Caibidil a Sé: Imirce nó Deoraíocht?