#278310
Chuir Ard-Aighne na hEilbhíse tús le caingean in aghaidh Bhlatter maidir leis an íocaíocht CHF2,000,000.
Chuir Ard-Aighne na hEilbhíse tús le caingean in aghaidh Bhlatter maidir leis an íocaíocht CHF2,000,000.
Tá caingean dlí tugtha ag an gCoimisiún Eorpach (EC) in aghaidh an chomhlachta cógaísíochta AstraZeneca.
Chaith sé amach an caingean dlí agus thaobhaigh sé le rialú na hollscoile.
B’ealaíontóir é an Ríordánach a thuig tóir na fírinne, na saoirse agus na daoirse; scríbhneoir a raibh caingean air ach gur caingean fhisiciúil na sláinte é; duine a raibh guthanna an ealaíontóra, an scríbhneora agus an iriseora ina gcleachtaí rialta éalaithe agus spreagtha aige.
Go luath ina dhiaidh sin, thionscain Frank Flynn caingean faoi dhífhostú éagórach in éadan an Údaráis chuig an Bhinse Achomhairc Fostaíochta.
Dhearbhaigh an Teach Bán inné go gcuirfidh an tUachtarán Obama cosc ar an reachtaíocht a cheadódh do theaghlaigh na ndaoine a maraíodh caingean sibhialta a thionscan in éadan Riyadh.
Tá caingean dlí ar bun san Ard Chúirt i mBéal Feirste féachaint le stop a chur leis an bpróiseas faoina bhfágfaidh an Bhreatain an tAontas Eorpach i 2017.
Má mheasann iriseoir go bhfuil sé mar aidhm i ndáiríre ag an té atá ag lorg leithscéil caingean leabhail a thionscnamh, níor mhór dó comhairle dlí a fháil láithreach.
I nDeireadh Fómhair 2010 chaill an ceoltóir Ruth Hickey, páirtí iarfhear céile an tsiamsóra Twink, caingean a ghlac sí in éadan The Sunday World.
e. Reacht na dTréimhsí De réir An Acht um Chlúmhilleadh (2009), ní mór caingean a thionscnamh laistigh de bhliain ón dáta foilsithe nó craolta.
Nuair a bhíonn daoine gairmiúla sásta bréaga a insint, léiríonn sé a dheacra is a bhíonn sé caingean clúmhillte a chosaint.
Thug Mac Aodháin le fios go raibh caingean chun dearbhaithe á tabhairt ag Ó Murchú go gcaithfear achtanna a chur ar fáil i nGaeilge ‘in am réasúnta’.
Bagraíodh caingean dlí áfach, toisc gur bhain Brendan O Connor ainmneacha daoine as a aoi, na daoine siúd a bhí ceaptha a bheith ina ‘homafóbaigh’, dar le O Neill.
É sin nó go dtiocfadh le heagrais Ghaeilge ar nós Gaelscoileanna nó an Foras Pátrúnachta a bhfuil locus standi - nó leas acu san ábhar – caingean saibhseála a ghlacadh.
Nuair a thionscain Edmonds caingean dlí ar dhífhostú éagórach, d’agair an tArd-Aigne John Ashcroft “pribhléid rún stáit,” rud atá thar a bheith neamhchoitianta.
Tá ceathrar ón teaghlach céanna tar éis caingean dlí a bhí tugtha acu in aghaidh Ollscoil na hÉireann,Gaillimh a chailleadh.
Theip ar chásanna Ard-Chúirte a ghlac Meánscoil Feirste agus Bunscoil an Iúir i lár na nóchaidí agus bhí caingean á bheartú chuig an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg.
Theip ar chásanna Ard-Chúirte a ghlac Meánscoil Feirste agus Bunscoil an Iúir i lár na nóchaidí agus bhí caingean á bheartú chuig an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg.
Bhí sé i gceist ar dtús go gcaifhfí tabhairt faoin obair roimh an chéad lá de Shamhain na bliana seo. Tá na háitritheoirí i mbun caingean dlí sa Chúirt Tráchtála in aghaidh Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath agus Gendsong Limited, comhlacht le Bernard McNamara, a thóg na hárasáin, in iarracht a dhearbhú cé bhéas freagrach as costas na hoibre deisiúcháin.
Tá caingean dlí á ghlacadh aige anois in éadan Choimisinéir an Gharda Síochána agus an Ard-Aighne chun iachall a chur ar na Gardaí fianaise dhlí-eolaíoch a bailíodh mar chuid den fhiosrúchán ar dhúnmharú Siobhán Hynes a thabhairt ar lámh do shaineolaithe atá ag feidhmiú ar son an Irish Innocence Project.
Chuir Oifig an Ard-Aighne comhairle fhada, thomhaiste ar an Aire agus tugadh leide dó go bhféadfadh baill den Údarás caingean dlí a ghlacadh dá mbrisfí óna gcúraim iad mar thoradh ar chraoladh an agallaimh.
Nuair a fiafraíodh dó an raibh sé i gceist aige an dlí a chur ar an chlár, dúirt sé go bhfuil sé an-deacair caingean dlí a chur ar chomhlachtaí mar an BBC agus gur dócha go bhfuil cosaint ag lucht déanta an chláir de bhrí gur chraol siad ráiteas uaidh ag séanadh na líomhaintí.
"Creideann muid gur droch bhille é seo," a dúirt urlabhraí an Tí Bháin Josh Earnest. "Sin an fáth a bhfuil an tUachtarán chun cosc a chur air." Creideann an Teach Bán gur mbainfeadh an reachtaíocht an bonn de dhíolúine flaithiúnais Mheiriceá agus go gcuirfeadh sé oifigigh agus baill de na fórsaí cosanta i gcontúirt caingean dlí.
Déanfar scagadh sa chaibidil seo ar na bealaí ina ndéantar clúmhilleadh ar dhaoine, ar an chosaint dlíthiúil atá ag na meáin agus ar na céimeanna is féidir a ghlacadh le caingean cúirte a sheachaint.
€750,000 ar an fhear gnó Denis O'Brien as caingean a ghlac sé i gcoinne an Irish Daily Mirror faoi alt a foilsíodh ar 18 Meitheamh 1998 inar maíodh gur thug sé suim £30,000 (nó €38,092) don iar-Aire Cumarsáide Ray Burke d'fhonn ceadúnas raidió a fháil uaidh don stáisiún 98fm.
I bhFeabhra na bliana 2007, fuair scoláirí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh blas ar a dhéine is a bhítear ag faire ar chúrsaí cóipchirt anois, nuair a bhagair Disney caingean dlí orthu dá leanfaidís lena bplean dráma a bhí bunaithe go scaoilte ar Sister Act a chur ar an stáitse.
I gcás na meán clóite a phléifear anseo, tá teorainneacha fisiciúla, samhalta agus fíorúla ag trasnáil a chéile a thugann le fios gur scríbhinní leithleacha atá sa phrós-iriseoireacht, a chuireann dearcadh agus fís scríbhneoirí aonaracha gan caingean orthu i láthair, sa chiall is leithne de shaoririseoireacht.
Cáineadh Yeats toisc gur mhol sé gan aon phaidir a rá ag tús chruinnithe an tSeanaid agus dúradh nach mbeadh éinne ag súil lena mhalairt uaidh mar b’ “ iontuigthe ó’n a chuid filíochta gur mó a chlaoidheas sé le págántacht ná le críostaidheacht” (‘Caingean Ghallda’, Eagarfhocal, ACS, 22.12.1923, lch.
Tá éilithe ag iar bhainisteoir stiúrtha Irish Nationwide Michael Fingleton go gcuirfeadh an Banc Ceannais deireadh lena bhfiosrúchán maidir leis an chumann foirgníochta, de bharr a dhroch shláinte agus de bharr caingean dlí atá ar bun faoi láthair.
Tháinig Bord Fáilte agus Iarnród Éireann faoin súiste ann chomh maith le lóistín éigin nach fios dúinn in iarthar na hÉireann, ach is cinnte go spreagfadh sé caingean dá n-ainmneofaí lóistín nó óstán.
Má tá an spaga teann agat agus am le caitheamh, labhair le habhcóide agus tabhair caingean in aghaidh aon mheán cumarsáide a dhéanann beag is fiú díot mar gheall ar do chúlra, aicme, teanga/saíochta, creidimh nó ar aon bhun faoin ghréin.
Nuair a chuala mé, mar sin, cúpla mí ó shin go raibh sé beartaithe ag Willis caingean dlí a thabhairt i gcoinne Apple faoi úinéireacht a bhailiúcháin ollmhór ceoil leo, bhioraigh mo dhá chluais.
Tá Cónaidhm Bialanna na hÉireann faoi réir le caingean dlí a thabhairt in aghaidh na reachtaíochta a cheadóidh d'óstáin béilí a thabhairt dá gcustaiméirí laistigh, 5 seachtainí sula gceadófar a léithid sin do bhialanna.
An Coimisiún Eorpach "D'fhéadfadh sé tarlú áfach" a dúirt sé "go dtarraingeodh sé caingean dlí i dtír éigin eile san Eoraip agus go n-ardófaí ceist ansin maidir le feidhm dlí an bhille.
Ní gá a rá nach bhfuil a leithéid d'eagraíochtaí ann agus 'Údarás Iarthar na hÉireann' nó 'Údarás na Gaillimhe.' Caingean Anita Groener ========== Sa chomhthéacs sin, is fiú a chuimhneamh gur theip ar chás cúirte a ghlac múinteoir ealaíne ón Ísiltír, Anita Groener, in éadan na Roinne Oideachais i Samhain na Bliana 1989.
Caingean Saibhseála a Thionscnamh ================ Ar ndóigh má theipeann ar an fheachtasaíocht, b’fhéidir gur fiú a bheith ag machnamh ar chaingean saibhseála a thionscnamh.
Foclóir na seachtaine seo amscaí - awkward; caingean dlí - action at law; dualgas - duty; éidreorach - feeble; fadálach - tedious; fís - vision; iachall - compulsion; muiníneach - confident; neamhbhalbh - forthright; rialachán - regulation; saoránach - citizen; siombalach - symbolic