#421256
Seo iad na daoine a bádh Lá Fhéile Mhic Dara 99 bliain sa lá inniu i gCarna: Pádraig de Búrca (Pádraig Stiofáin Mhóir), 45, as Roisín na Mainiach agus beirt chlann iníon leis, Nóra, 14, agus Máire, 17 ; Máirtín Mac Donnchadha (Máirtín Bheartle Shéamuis), 37, as Roisín na Mainiach ó dhúchas ach a raibh cónaí air in Aill na Brún; Pádraig Ó Cualáin (Pat Cheata), 25, as Caladh Mhaínse; Kate Tom Bhreathnaigh, 16, as Caladh Mhaínse; Maggie Ní Ghuairim, 17, as Caladh Mhaínse; agus Delia Ní Mhaoilchiaráin, 15, as Caladh Mhaínse.