#859070
Sa deireadh, d’éirigh sé as a phost go ndeachaigh sé le cearrbhachas.
Sa deireadh, d’éirigh sé as a phost go ndeachaigh sé le cearrbhachas.
Is maith liom an cearrbhachas, fiú má chaillim.
Ach an bhfuil cearrbhachas ina cuid de chultúr an spóirt?
Beidh réimse leathan ábhar le plé acu, an tsláinte mheabhrach, an cearrbhachas, agus deonú orgán.
‘Uafásach an gnó é an cearrbhachas.
Murach an cearrbhachas, bheadh gach rud go breá.
Dhéanfadh gach is dual do bhanc ar bith seachas dul le cearrbhachas.
Fillimis, mar shampla, ar an gcosc a mhol sé ar fhógraíocht a bhaineann le cearrbhachas.
Tharraing mé aird ar chúis imní – an nasc idir an chraoltóireacht spóirt agus an cearrbhachas.
Tá siopadóireacht ar líne coiscthe mar atá cearrbhachas.
Níl aon chead ag na daoine atá á gcoinneáil ann iasachtaí d’aon sórt a thabhairt dá chéile ná plé a bheith acu le cearrbhachas.
Ag labhairt dó le RTÉ inniu dúirt an TD Ring go gcuireann cearrbhachas as dó go háirithe nuair go bhfuil cluichí spóirt faoi aois anois mar sprioc ag na geallghlacadóirí.
Amhráin iad seo faoi ghnéas, drugaí, cearrbhachas, éad, uaigneas, fimínteacht agus ropairí bóthair, is níl droch-cheann ina measc.
(Bhí a chara tar éis an t-airgead ar fad a bhí sábháilte aige a thógáil agus a chailleadh ag cearrbhachas.
Cearrbhachmór saibhir ab ea é, ag cearrbhachas i gcasino mór rachmasach i dteannta mhóruaisle an domhain agus ag buachan gach cluiche dá raibh á imirt aige.
Tá na fadhbanna ar fad a bhíonn ina mhacasamhail de cheantar cathrach ann, dífhostaíocht, drugaí, ólachán agus cearrbhachas.
Sárscoláire a bhí i Leo ach bhí locht mór air: bhíodh sé i gcónaí ag geaimleáil (nó ag cearrbhachas) agus ní raibh sé in ann stopadh.
Mar gurbh í an Eaglais a bhí ina bhun i dtús aimsire níor taibhsíodh d’éinne gur cearrbhachas a bhí ann.
Ní raibh bolgáin tógála i gceist iontu ach oiread, agus ní raibh a gcuid institiúidí ag cearrbhachas leis an airgead a bhí i dtaisce iontu.
Rófhada atá ár slí bheatha faoi bhois an chait ag cearrbhachas na stocbhróicéirí, agus cinniúint na ndaoine ó cheann ceann an domhain dá socrú ag cliceáil a gcuid ríomhairí.
Cearrbhachas, alcólachas, an galar dubhach agus eile – bíonn na fadhbanna seo ar ár gcuid laochra spóirt chomh maith leis an gnáthdhuine, agus tá an scéal céanna amhlaidh i measc imreoirí CLG.
Níl mé ag maíomh gur rud contráilte é an cearrbhachas; bainim féin sult as, cé nach ndéanaim go minic é.
Máire Bhreathnach a chuirfidh an tsraith i láthair agus beidh sise agus a cuid aíonna ag caint ar shláinte meabhrach, an cearrbhachas agus deonú organ.
Bhí cuid éigin den scéal ar eolas agam, agus ba chabhair í sin; ach ba cheataí mhór gur bhain oiread den scéal agus den teanga le cearrbhachas agus le cártaí.
Bhain an cearrbhachas go dlúth le sochaí na Gaeltachta agus na tuaithe i gcoitinne sa sean-am agus, dá thairbhe sin, bhain seanchas agus piseogacht leis an gcaitheamh aimsire céanna.
Is sé chlár a bheidh sa tarna sraith seo agus déanfar cíoradh ar scéalta a bhaineann le cearrbhachas, ciorrú coil, imtheorannú agus an cosc ar ghinmhilleadh san am a chuaigh thart.
Dúirt sé gur chaith sé a chuid déaga le h-ól agus le cearrbhachas go dtí gurbh éigean é a chur faoi chúram dochtúra.
Más fíor do Chossudovsky, is cosúil go mbeidh an cearrbhachas de chuid lucht Wall Street thar a bheith brabúsach.
Ní dhéanfadh sé rud ar bith a chuir sé i leith a uncail – an cearrbhachas, mar shampla.
Tá scéimeanna eile acu a bhfuil riosca níos mó ag baint leo, an cearrbhachas, mar shampla, agus an rud ar a dtugann bunadh na háite "troid sicíní".
Dúirt sí go raibh lear mór imeachtaí mídhleathacha ar siúl i dteach buí seo an droch-chlú - cearrbhachas, drugaí á dtógáil, uisce beatha *moonshine* á ól, agus striapachas.
Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cuntas ar cheist an chearrbhachais san Astráil, cearrbhachas a dhéanann dochar mór i saol an chearrbhaigh, saol an teaglaigh agus i saol mórán eile nach iad.
Is cearrbhachas amach is amach é an margadh airgeadais agus bíonn na trádálaithe ag iarraidh tuar an ardóidh nó an ísleoidh luach airgeadra tíre amháin in aghaidh airgeadra tíre eile.
Is iomaí fáth leis sin: ragairne, cearrbhachas, ‘cairde’, drochchomhairle i dtaobh infheistiú, póstaí briste agus ailiúnas ina measc.
Téann daoine áirithe le cearrbhachas, daoine eile le maoin agus sealúchas, fear eile ar m’aithne tá tréad beithíoch aige i dTiobraid Árann agus bíonn sé síos is aníos chucu gach deireadh seachtaine...téann a thuilleadh ar an ól...agus a thuilleadh fós le reiligiún, cé gur lú atá anois á dhéanamh sin.... – Cén mianach é sin?
Ceadaíonn an dlí mar atá do gheallghlacadóirí corrlach a thabhairt ar spóirt leanaí fiú - lúb ar lár atá cáinte go tréan. Labhair imreoir peile idir-chontae amach Deardaoin faoina chuid fadhbanna féin - á admháil gur chuir se geall in aghaidh a fhoireann féin i gcluiche idir-chontae sa tSraith Náisiúnta. Dúirt an TD Ring nach féidir an fhadhb le cearrbhachas morthimpeall na tíre a cheilt níos mó agus go gcaithfear déileáil leis ar bhonn reachtaíochta.
“Ór, gunnaí, capaill, tithe tábhairne, cearrbhachas agus striapacha”… labhair Dara Devaney, duine de phríomhaisteoirí An Klondike le NÓS faoin tsraith úrnua drámaíochta le Abú Media a bheas á craoladh ar TG4 anocht.
Dúirt sé go raibh iontas ar an bpobal mar gur gealladh buiséad a thabharfadh cosaint in aghaidh na contúirtí bainteach le Brexit. Lean sé le rá gur cóir don Rialtas bheith ag pleanáil do Brexit chrua seachas bheith ag guí ar son Brexit bhog. Chuir Martin cearrbhachas i leith an rialtais freisin, á rá go bhfuil an Rialtas ag cuir geall go neartóidh Sterling fá 6% an bhliain seo chugainn.
Bhí na Rúisigh an-tógtha le cearrbhachas agus bhí roinnt mhaith casaíní sa chathair ach níor chuir mé aon spéis sa chaitheamh aimsire sin, a bhí róchostasach do mo leithéid ar aon nós.
cúrsaí aimsire, an iascaireacht agus gnóthaí farraige, an talmhaíocht agus an fheirmeoireacht, an dúlra, damhsaí agus ceol, an cearrbhachas agus caithimh aimsire eile nach iad, cleamhnas agus pósadh agus thar aon ní, tréithe an duine, idir chorp agus phearsa, ar a dtugtar léargas cuimsitheach ann.
Mar a dúradh anseo cheana, is cearrbhachas a bhí ar siúl ag na hinstitiúidí airgeadais, ach ba é an chineál cearrbhachais é a thuillfeadh drochainm d’aon gheallghlacadóir leathcreidiúnach in aon sráidbhaile in Éirinn.
Tá sé soiléir anois gur cearrbhachas lom a bhí ar siúl ag a lán de na bainc agus ag a gcuid giollaí, bíodh gur féidir nach bhfuil an scéal sin chomh holc anseo in Éirinn agus atá i dtíortha eile.
Ní hamháin go raibh iasachtaí á dtabhairt a bhí thar fóir, ach níorbh aon bhréag a rá gur cearrbhachas a bhí ar bun acu, mar a léirítear go maith sa téarmaíocht ‘casino banking' a mbaintear úsáid as sa Bhéarla.
Fosta, deir siad uilig go bhfuil an cearrbhachas ar cheann de na hábhair cainte is coitianta sna seomraí feistis, agus go mbíonn na himreoirí iad féin ag cur geall ar na cluichí CLG, cluichí s’acu féin go minic.
Léirítear soineantacht an mhanaigh atá ‘naofa umhal ina chroí’, ach bíonn gné eile dá phearsanacht ag brúchtadh go doimhin ann nó tá ‘an cearrbhachas san fhuil aige’ agus caithfidh an ghné dhorcha sin de teacht chun solais.
Sa Guardian, deir an Meiriceánach Cris Marcellino – fear a chaith na blianta ag obair don chomhlacht Apple agus a chum cuid den teicneolaíocht a choinníonn daoine greamaithe dá gcuid iPhones, ach atá ag staidéar le bheith ina néaramháinlia faoi láthair – gur léir dó féin go bhfuil tionchar ag ár ngutháin phóca ar na codanna sin den aigne a n-imríonn cearrbhachas agus úsáid drugaí tionchar orthu freisin, na ciorcaid néareolaíocha chéanna a thugann ar an duine dul ar thóir bia, compoird, teasa agus gnéis.
Déantar trácht ar na saintéarmaí cártaí i roinnt téacsanna Gaeilge, mar shampla, Slighe an Eólais: Cúrsaí an tSaoghail i nÉirinn (Ó Cadhlaigh, 1900), Cárdaí agus Cearrbhachas (Ó hEochaidh, 1953), An Béal Beo (Ó Máille, 1936).
Ach i measc na n-ábhar eile, tá an grá, an ceol, an imirce, an cearrbhachas, an lucht siúil, an chollaíocht, an drabhlás, trioblóidí an tuaiscirt, an Ghaeltacht, saol na cathrach, oileáin na hAlban, cúrsaí spóirt is coláiste.’ Próslitríocht theann shaibhir atá ina chuid scríbhneoireachta a léiríonn tuiscint dhomhain ar an duine daonna agus ar eispéireas an duine aonair mar chuid den phobal.
Comhlacht a bhfuil SIS air a dhéanann soláthar ar imeachtaí spórt a bhfuil cearrbhachas ag baint leo do shiopaí geallghlacadóireachta agus do dhuine ar bith eile ar suim leo sin 24 uair sa ló, seacht lá na seachtaine, ar an taobh seo den domhan.
Phléadáil Mark Dalton, 52 bliain d'aois, ciontach sna cúiseanna agus gearrfar pianbhreith air ag tús na míosa seo chugainn. Dúradh sa chúirt go raibh sé ag obair do chumann deonach tithíochta Cill Urnaí i gCill Dara nuair a rinne sé na coireanna idir na blianta 2009 agus 2014. Dúradh go raibh fadhb mhór le cearrbhachas ag Mark Dalton ag an am.