#861140
Trí fhuinneog thigh amháin d’airigh mé corcán ar chrochadh sa tinteán fuar.
Trí fhuinneog thigh amháin d’airigh mé corcán ar chrochadh sa tinteán fuar.
Líon sí an corcán leis an uisce agus bhuail anuas ar an dtine é.
Chuir sí an corcán ina raibh an t-uisce ar ais ar an dtine arís.
Gearrscéalta a bhí sa chéad leabhar eile dá chuid a foilsíodh, Corcán na dtrí cos (1988).
Diomaite den leagan caighdeánach buíóg, nó buidheog, gheibhtear fosta Siobháinín bhuí, coinnlín cátha agus corcán buí.
Chaithfeadh an tine a bheith dearg ar fad, agus na lasracha a bheith imithe in éag sula gcrochfaí an t-oigheann – corcán cruinn agus clúdach air – os a cionn.
Bhí na páistí curtha chun na leapan cheana féin agus do bhíodar beirt, Elsie agus é féin, ina suí le hais na tine, an corcán leitean ag boilgearnach lena taobh.
Deirtear liom go bhfuil corcán réidh ullamh i Roinn an Airgeadais agus go bhfuil státseirbhísigh amuigh ag bailiú támhchodanna cheana féin...
Nuair a gheobhair tú féin istigh sa tigh arís cuir tine mhaith síos, agus líon an corcán d’uisce agus cuir ag beiriú ar an dtine é.
Nuair a bheidh an t-uisce malla-bhog, tóg an corcán anuas den dtine agus nigh do chosa san uisce.
Ansin buail an corcán ar ais ar an dtine arís, agus fág ansin é os cionn na tine.
Nuair a cheap sí go raibh an t-uisce malla-bhog do thóg sí an corcán anuas den dtine agus do nigh sí a cosa féin ann ar dtúis.
Bhí an stóras grán cosúil le corcán mór ina sheasamh ar chosa arda agus poill ina chliathán trína gcuirfí na diasa guinea agus eile.
Fágtaí slí do Dhaid nuair a bheadh an corcán mór prátaí le tabhairt chun an bhoird aige agus le folmhú anuas ar an leithead.
Fuair an bhean seo a corcán mór millteach a bhí lán d'anraith agus d'fholmhaigh sí thar bhallaí na cathrach é ar na saighdiúirí bochta.
Suíonn an duine is óige agus an duine is sine sa teach os comhair a chéile agus bíonn an corcán sa lár.
Murab ionann an corcán meascaithe, nó leáite, na Stát Aontaithe, tugtar sailéid ilchineálacha ar na comharsanachta agus ar na fobhailte thart orainn.
Thuigfeá ón argóint sin gur ceol den ísealaicme nó dos na bochtáin is ea an Ceol Gaelach – ná bíonn ag éisteacht leis ach daoine i seana-bhotháin tí i lár an phortaigh ar an gcósta thiar agus iad ag fanacht le corcán prátaí beiriú agus cráin agus banaí istigh thíos fén mbord acu.
Tugann sé éachtaint dúinn ar mheon daoine sa tír seo i leith an dlí, agus an saghas measa a bheadh ar an té a bhuaileann bob ar an ngarda faoi mar a tharlaíonn i gcás an tsáirisnt nua in Corcán na dTrí gCos.
"Corcán coille" atá ag de Bhaldraithe ar "bullfinch" agus "corcrán coille" ag Ó Dónaill; "Lá coille" ag de Bhaldraithe agus "Lá caille" ag Ó Dónaill; "héalacaptar" ag de Bhaldraithe agus "héileacaptar" ag Ó Dónaill.
‘Ní osclóidh mé, mar ná féadfainn é,’ arsa an corcán, ‘mar tá siad seo ar fada nite san uisce atáim ag coiméad anseo os cionn na tine.’ Chuir an méid sin na cailleacha le gealaigh ar fad.
I measc a chuid saothar siúd tá an leabhar clúiteach A Thig ná Tit orm, leabhar cuimhní cinn, an t-úrscéal, Chicago Driver agus an leabhar gearrscéalta, Corcán na dTrí gCos, chomh maith leis na húrscéalta Dochtúir na bPiast, Greenhorn, Idir Dhá Lios agus go leor ficsean nach iad, agus ina dteannta Buafam – Suathfam, an dara cuid dá chuimhní cinn.
I measc na n-alt a scríobh sé tá: ‘Turas go Dresden’ (Comhar, Iúil 1946); ‘Cócaireacht gan cistin’ (Galvia 3, 1956); ‘Materials and methods in Irish traditional building’ (Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 87, 1957); ‘The spade in Ireland’ (Béaloideas 31, 1963); ‘Ancient healers’ (Biatas, Meán Fómhair 1963); ‘Distribution patterns in Irish folk tradition’ (Béaloideas 33, 1965); ‘An corcán ceolmhar: sean-nós’ (Comhar, Iúil 1966); ‘The Irish Language in County Clare in the 19th century’ ( Journal of the North Munster Antiquarian Society 13, 1970); ‘An Ghaeilge i gContae an Chláir’ (Comhar, Meán Fómhair 1977), ‘Dónall Ó Conaill i mbéalaibh na ndaoine’ (Studia Hibernica, 1973).
Bhí Marcas ina shuí ar a chathaoir cois na tine, corcán an bhéile curtha siar ón tine aige, a phíopa ina bhéal aige agus gan é lasta, é ag ligean air féin gurb é an rud ba ghnáthaí amuigh é gombeadh saighdiúirí ar cuairt aige.
Bhíodh císte fuinte ullamh ag Mam agus nuair a bheadh an corcán i leataoibh chuirfeadh sí a dhrol ar an oigheann, chroitheadh sí pinse plúir laistigh air sin agus chuirfeadh sí an císte go cáiréiseach isteach san oigheann.
Dá dhona é do Leon Ó Broin a bheith ag cumadh téarmaí i nGaeilge do rudaí a bhí thar a bheith nua sa Bhéarla sna 1930idí, ba mheasa fós é do Mháire a bheith ag cur Gaeilge ar fhocail agus ar théarmaí a tharraing JK Rowling as corcán Laidine, Gréigise agus Fraincise!