Gaois

Search mode

Filter results

Collections

9 results in 6 documents

  1. #1935193

    Deir siad le hóstán agus ionaid turasóireachta eile druidte faoi láthair go bhfuil neart féidearthachtaí ar fáil go dtig freastal mar is ceart orthu siúd atá ag cur fúthu san ionad i bhFánaid.  Díghalrán LámhDíghalrán Lámh á thairgiú ag Comhlacht Drioglann Shliabh Liag ar an Charraig ina n-iarrachtaí in éadan an víris Covid 19 agus tá an táirge a chur ar fáil acu d'Otharlanna i nDún na nGall agus d'Ionaid Altranais ón tseachtain seo.

  2. #1935196

    Dúirt sí go bhfuil orduithe aimsithe acu óna hOtharlanna agus ó na hIonaid Altranais agus gur féidir le daoine buidéil den díghalrán lámh a ordú ar líne.

  3. #1808844

    Chomh maith leis sin, tá na milliún masc, spéaclaí cosanta agus cumhdach éadan le seachadadh chun na tíre seo ón tSín as seo go ceann cúpla seachtain.  Deir an Fheidhmeannacht freisin go bhfuil siad ag déanamh socruithe le drioglanna agus le déantúsóirí ábhar plaisteach chun tuilleadh díghalrán lámh a chur ar fáil.  Tá lucht F1 (Foirmle a hAon) - leithéidí McLaren, Red Bull, Williams, Mercedes agus Ferrari - chun cuidiú le comhlachtaí sa Bhreatain agus san Iodáil fearais anála á tháirgeadh.  Tá ardscileanna ag innealtóirí na bhfoirne sin i ndearadh meaisíneacha dá sórt.

  4. #1874831

    díghalrán lámh a bhí á úsáid go fairsing i scoileanna bainte den mhargadh mar gheall ar imní faoi bhaol sláinte a d'fhéadfadh a bheith bainteach leis agus táthar ag cur comhairle ar dhaoine gan an díghalrán ViraPro a úsáid níos mó.  Tá an díghalrán ViraPro athghlaoite ag an Roinn Talamhaíochta.

  5. #1935195

    Dúirt Deirdre Ní Bheirn, Bainisteoir Margaíochta an Chomhlachta, go bhfuil 70% d'alcol sa Díghalrán lámh chomh maith le feamnach agus go bhfuil siad sásta go bhfuil siad ábalta cuidiú a thabhairt dona seirbhísí sláinte agus don phobal ag am atá fíor dhúshlánach d' achan duine.

  6. #1809030

    Deirtear freisin nach raibh díghalrán lámh ar fáil ann.  Dúirt an t-abhcóide sinsearach Bernard Condon cé nach raibh cead isteach sa chúirt ag mórán daoine gur bhailigh thart ar leathchéad duine taobh amuigh.  Dúirt sé nach bhféadfaí glacadh leis seo agus go gcaithfeadh riarthóirí na gcúirteanna feabhas a chur ar chúrsaí.

  7. #1839976

    Bhí na focail ‘situation’ (cúrsaí, scéal, cás) agus ‘virus’ (víreas) i measc an 100 iontráil ba mhór cuardach idir 1 Márta agus 20 Bealtaine freisin.Rinneadh cuardach go minic, freisin, ar fhocail nach bhfuil baint dhíreach acu le téarmaíocht na paindéime ach a bhféadfaí a bheith nach mór cinnte fúthu gur spreagadh na cuardaigh sin mar gheall ar an gcaoi a bhfuil rudaí in Éirinn faoi láthair.I measc na bhfocal sin bhí ‘exercise’ (aclaíocht), ‘walk’ (siúil), ‘important’ (tábhachtach), ‘miss’ (braith uait), agus ‘support’ (tacú le).Ar ndóigh, tháinig go leor téarmaíochta nua chun cinn ó thosaigh ráig an víris chorónaigh cúpla mí ó shin, agus cé go bhfuil na téarmaí agus nathanna nua sin sa chaint anois agus le léamh agus le cloisteáil ar na meáin, níor cuireadh leis an bhfoclóir ar líne go fóill iad.Lorgaíodh ‘coronavirus’ (coróinvíreas) féin, chomh maith le leithéidí ‘socail distancing’ (scaradh sóisialta, ‘hand sanitiser’ (díghalrán lámh),  agus ‘self-isolation’ (féinleithlisiú) le dhá mhí anuas, agus cé nach bhfuil na focail sin le fáil ar an leagan digiteach den fhoclóir go fóillín, beidh siad ar fad sa leagan clóite a bheidh ar fáil níos déanaí i mbliana.