#1170351
Dúirt urlabhraí ó Chumann Lúthcheas Gael Thuar Mhic Éadaigh le RTÉ Raidió na Gaeltachta gur dearmad cléireachais ba chúis le ríomhphost i mBéarla a cuireadh amach ón gcumann ag lorg urraíochta do Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta. Beidh an comórtas ar siúl i dTuar Mhic Éadaigh i Maigh Eo deireadh seachtaine na Cincíse.