#1339062
Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go bhféadfadh cinneadh a rinneadh i gCúirt an AE i gcás a dtugtar an ‘Flemish Decree Case’ air “impleachtaí an-tromchúiseach a bheith aige don Ghaeltacht”. I bhfianaise an chinnidh sin, tá amhras ann faoi dhlisteanacht rialacha pleanála a thugann tús áite sa chóras pleanála tithíochta do ‘mhuintir na háite’ ar chúiseanna tíreolaíochta, cultúir, teanga nó eile.